Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/108

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
96
IRISH MINSTRELSY.

D’ fiosruígheas-sa go milis, muínteardha, de ghrádh mo
chléibh,
Ar bh’isi an aoíl-chneis le’r tugadh Líonnruith, a’s ár na
Traodh?
Nó an Mhiochair, mhín, mhaiseach chuir na mílte, le
fán an t-saoghail,
As gallaibh coímhidhtheach ná’r cheannuigh Iosa, ’n a
stáit faoí réim?

Freagair sinn, a ghean mo chroídhe, an tú an bháb do
thréig,
An fear dobhídh aici a g-ceangal cínnte, le grádh do’n
bh-féinn;—
Nó an Ghallain ghrínn do bhailigh Naoíse, tar saíle a
g-céin,
Thug treasgairt laoích a g-cath na craoibhe, a’s ár na
g-céud?

Nó an bhean do líng mar cheapaid druídhthe, fáigh a’s
éigs’,
Le h-ais an Flíos thug scata laoích, tar sáil do’n
n-gréig?
Nó an tú do dlígheadh le cumann díograis, páirt a’s
géill,
Le Connal ríoghdha a g-cumas ríoghachta, ghabháil ’n a
dhéigh?