Page:Irish minstrelsy, vol 1 - Hardiman.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
4
IRISH MINSTRELSY.


FAILTE DO CHEARBHALLAN.

Séamas Mac Cuarta ró chan.


Dá mhiliún déag fáilte dhaoíbh
O árus Mheadhbha, inghean Eochaidh,
Go fearann Oirghiaill, glúnmhar, grínn,
Le ’r bh’ionmhuin éuchta Chonccoluinn.

Dá maireadh Conchobhar a n-Eamhain Mhacha,
Bhur d-turus a-n-iar ní’r bh’áithreach;
Ní rachfadh an líog-lóghmhar air ais,
No go g-créuchtfaídhe Uladh fá’n Maigneis.

Cheithre Néill Theamhra na d-treas,
Conn agus Cormac cómhdheas,
Ní léigfeadh an Carmhogall ag aén
D’fhuil Adhaimh, acht ag Ardrígh.