Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
14
AN DÍONḂROLLAĊ. III.

céid-rí do Ċineaḋ Scoit ar Albain, mar atá Fearġus Mór mac Earca, agus fós gurab le Scotaiḃ agus le Pictiḃ do ṫuit Rí Artúr féin. An Fearġus so aduḃart do b’é céid-rí Alban do Scotaiḃ é: óir tar ċeann go n-áirṁeann Hector Boetius i stáir na hAlban naoi ríoġa ḋeug agus fiċe do ḃeiṫ ar Albain roiṁe an ḃFearġus so, maiseaḋ ní raiḃe aoin-rí de Ċineaḋ Scoit do réir an tseanċusa ar Albain roiṁe: agus mar a n-abair gurab é Fearġus mac Fearċair rí Éireann fá céid rí do Ċineaḋ Scoit ar Albain, ní fíor dó sin, óir ní raiḃe aoin-rí ar Éirinn riaṁ d’ár ḃ’ainm Fearċar, agus mar sin ní raiḃe Fearġus mac Fearċair ’na ríġ Alban, aṁail adeir Hector Boetius: agus má do ḃí gur ṫoil le Muirċeartaċ mór a ḋearḃráṫair Fearġus mac Earca do ḃeiṫ ’na ríġ Alban, maiseaḋ, is é ainm gairṫear do Ṁuirċeartaċ féin i n-annálaiḃ Éireann, “Rex Scotorum,” d’á ċur i gcéill go raiḃe árdċor aige ar na Scotaiḃ i n-Éirinn agus i n-Albain; agus ní hinṁeasta an tí do ḃí i sna cuṁaċtaiḃ seo do ḃeiṫ fa ċíosċáin ag an ríġ Artúr. Agus fós adeir Spíd ’na ċroinic naċ cíosċáin do ḃí ag an ríġ Artúr ar ríġ Éireann, aċt coṁar cáirdeasa cogaiḋ, ionnus cibé haca ar a mbiaḋ leaṫtrom náṁad, go raiḃe d’ḟiaċaiḃ ar an dara fear congnaṁ sluaġ do ṫaḃairt do’n tí díoḃ ar a mbiaḋ leaṫtrom: agus is é ainm ġaireas Spíd do’n ċongnaṁ so “dliġeaḋ cáirdeasa cogaiḋ,” aṁail atá idir rí na Spáinne agus an t-Impir: óir cuiriḋ gaċ aon díoḃ congnaṁ re linn a riaċtanais gus an tí eile, agus ní hiontuigṫe as sin go ḃfuil cíosċáin ag ríġ na Spáinne ar an Impir, nó ag an Impir ar ríġ na Spáinne. Mar an gceudna, má ṫarla