Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
12
AN DÍONḂROLLAĊ. III.

na neiṫiḃ seo againn.” Is follus gurab breug a ráḋ naċ raḃadar beiċ i n-Éirinn, do réir an Ċamden ċeudna, mar a n-abair ag laḃairt ar Éirinn: — “Atá an oiread soin do ḃeaċaiḃ innte, naċ eaḋ aṁáin i mbeaċlannaiḃ nó i gcorcógaiḃ, aċt i gceapaiḃ crann agus i gcuasaiḃ talṁan doġeiḃṫear iad.”


III

Cuirfeam síos ann so beagán do ḃreugaiḃ na Nua-Ġall do scríoḃ ar Éirinn ar lorg Ċambrens; agus doġéan tosaċ ar ḃreugnuġaḋ Ċambrens féin, mar a n-abair go raiḃe cíosċáin ag an ríġ Artúr ar Éirinn, agus gurab é am fa’r ċeangail an cíos orra i gCaṫair Leon, an tan fá haois do’n Tiġearna cúig céad agus naoiḋeug, mar ċuireas Campion ’na ċroinic i san dara caibidil do’n dara leaḃar, mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan soin. Giḋeaḋ tar ċeann go luaiḋeann Policronicon agus Monomotensis agus drong eile do Nua-Ġallaiḃ an Giolla Már so do ḃeiṫ ’na ríġ Éireann a ṡlán fa aon d’á lorgairiḋiḃ go ḃfuil laoiḋ nó litir a seanċus Éireann i n-a ḃfuil luaḋ nó iomráḋ ar Ġiolla Már do ḃeiṫ ’na ríġ Éireann riaṁ: aċt munab do Ṁuirċeartaċ mór mac Earca fá rí Éireann agus fá fear coṁaimsire do ríġ Artúr ġairmid é; agus níor ḃ’ḟéidir Muirċeartaċ do ḃeiṫ fa ċíosċáin ag an ríġ Artúr, do ḃríġ go raiḃe sé féin treun i n-Éirinn agus i n-Albain, agus gurab é do ċuir a ṡeisear dearḃráṫar i n-Albain, agus gur fear ḋíoḃ fá