Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
10
AN DÍONḂROLLAĊ. II.

hAonġus mac Nadfraoiċ rí Múṁan do pósaḋ í, aṁail adéaram d’á éis so i gcorp na stáire. Tuig, a léaġṫóir, mar naċ soċtaid na seanċaḋa an níḋ déistineaċ so, do buḋ masla d’inġin ríġ Laiġean agus do ṁnaoi ríġ Múṁan, naċ ceilfidís gan a noċtaḋ ar ḋaoiniḃ buḋ lúġa ioná iad sin é, dá maḋ nós [do ḃiaḋ] ar aiṫiḋe i n-Éirinn é: mar sin gurab breugaċ do Strabo a ráḋ gurab nós d’Éireannċaiḃ feoil daoine d’iṫe, agus naċ déarnaḋ riaṁ an nós so aca aċt leis an inġin reaṁráiḋte, agus sin féin re linn na págántaċta. Mo ḟreagraḋ fós ar San Ieróm, luaiḋeas an níḋ ceudna so, ag scríoḃaḋ i n-aġaiḋ Ioḃinian, go ḃfeudfaḋ ainteastaċ breug do reic ris, agus mar sin ná’r ḋliġ sí dul i ḃfiaċaiḃ ar Éireannċaiḃ.


Adeir Solinus, ’san aonṁaḋ caibidil fiċead naċ fuilid beiċ i n-Éirinn; agus adeir gurab do ḋéis ċlaiḋiṁ froṁṫar an ċéid-ṁír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannaċ a ḋealḃ d’ionnlat a fuil a náṁad an tan marḃṫar leis é. Is follus as an seanċus ḃias i san stáir gaċ níḋ ḋíoḃ so do ḃeiṫ breugaċ. Adeir Pomponius Mela i san treas leaḃar ag laḃairt ar Éireannċaiḃ na briaṫra so:—“drong ainḃfiosaċ i sna huile suḃailciḃ”: agus mar sin do ṁórán do ṡean-úġdaraiḃ eile coigcríċe do scríoḃ go mearḋána míṫeasta ar Éirinn, ar ḃréig-sgeulaiḃ ainteastaċ d’á ná’r ċóir creideaṁain ’na ṡaṁail so do níḋ: agus is uime sin adeir Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn, na briaṫra so:—“Ní ḟuil, ar sé, fiaḋnaise inċreidte ar