Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
8
AN DÍONḂROLLAĊ. II.

Monomotensis. Léaġtar ag Samuel Daniel go raḃadar ceiṫre dún-ṗoirt deug ag Róṁánċaiḃ re huċt na Scot agus na bPict, agus go raḃadar na Scuit agus na Pict ag combuaiḋreaḋ na Breatan, d’aiṁḋeoin na Róṁánaċ ó aimsir Iuil Caesair[1] go haimsir an treas Ualentinian Impir, frí ré[2] cúig céad bliaḋan[3]; agus is eaḋ fá haois do’n Tiġearna[4] an tan do ṫréigsead Róṁánaiġ ceannas na Breatan[5] seaċt mbliaḋna ceaṫraċad ar ċeiṫre ċéad, agus is do’n leiṫ istiġ do’n aimsir sin do ḟás easaonta idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug Maximus foireann ṁór do luċt na Breataine leis go hArmorica na Fraince[6], ré’ ráiḋtear[7] an Ḃreatain ḃeag, agus iar ndíbirt na foirne do ḃí[8] rompa[9] ’san tír tug ar an ḃfoirinn do ċuaiḋ[10] leis an ċríoċ d’áitiuġaḋ, go ḃfuil drong d’á slioċt indiu[11] innte.


II.

Atáid cuid do na sean-úġdaraiḃ ċuireas neiṫe breugaċa i leiṫ[12] na n-Éireannaċ; mar adeir Strabo, ’san gceaṫraṁaḋ leaḃar, gurab luċt feola daoine d’iṫe[13] na hÉireannaiġ.[14] Mo ḟreagraḋ ar Strabo, gurab breug dó a ráḋ gurab luċt feola daoine d’iṫe na hÉireannaiġ; óir ní léaġtar i san Seanċus go raiḃe neaċ i n-Éirinn riaṁ ler’ cleaċtaḋ feoil daoine d’iṫe, aċt Eiṫne Uaṫaċ inġean Ċrioṁṫainn mic Eanna Ċinnsiolaiġ rí Laiġean, do ḃí ar daltaċas ag Déisiḃ Múṁan: agus do hoileaḋ riu ar ḟeoil naoiḋean í, i ndóiġ go mbaḋ luaṫaide do ḃiaḋ ionnuaċair é. Óir do tairrngireaḋ ḋóiḃ féin fearann d’ḟaġḃáil ó’n ḃfear le mbiaḋ sí pósda; agus is le

  1. Julius Caesar, C; Iul Cesair, H.
  2. ré ré, C.
  3. Sic in C; bliaġain, H.
  4. aseaḋ, C; fa hí aois an T., F and H.
  5. Briotáine, C.
  6. Fraingce. C.
  7. re a, H; re ráittior, C.
  8. do ḃaoi, C; ḃí, H; do ḃí, N.
  9. reampa, al.
  10. do ċoiḋ, C.
  11. aniú, C; i n-iuṁ, H.
  12. aleiṫ, F.
  13. ḋiṫe, MSS.
  14. Ten words after