Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
6
AN DÍONḂROLLAĊ. I.

gan cuireaḋ coitċeann do ṫaḃairt dóiḃ d’á dtoġairm re bronnaḋ seod agus maoine ḋóiḃ. Giḋeaḋ, ní haoin-níḋ ḋíoḃ so lorgairṫear le croiniciḃ Nua-Ġall na haimsire seo, aċt is eaḋ doġníd cromaḋ ar ḃeusaiḃ foḋaoine agus cailleaċ mbeag n-uiríseal, ar dtaḃairt maiṫ-ġníoṁ na n-uasal i ndearmad: agus an ṁéid ḃeanas ris na Sean-Ġaeḋealaiḃ do ḃí ag áitiuġaḋ an oiléin seo ria ngaḃáltas na Sean-Ġall, feuċtar an raiḃe dream ’san Eoraip buḋ ċróḋa ioná iad, re caṫuġaḋ re Róṁánċaiḃ fá iomċosnaṁ na hAlban: óir tugsad fo-deara ar Ḃreatainiḃ cloiḋe do ḋéanaṁ idir Ḃreatain agus Albain, do ċaoṁnaḋ na Breatan ar iomruagaḋ na nGaeḋeal; agus tar ċeann go mbídís dá ṁíle deug agus dá ḟiċid míle do ṡluaġ Róṁánaċ, agus dá ċéad ar marcuiġeaċt ag cosnaṁ an ċloiḋe, agus trí ṁíle fiċead mar aon riu coisliġṫe, agus trí ċéad deug marcaċ ag cosnaṁ crioslaiġ agus cuan na críċe (ar ḟoirneart na Scot agus na bPict); ṫairis sin do lingdís Gaeḋil tar an gcloiḋe, agus do hairgṫí an ċríoċ leó d’aiṁḋeoin na mór-ṡluaġ soin, do réir Samuel Daniel ’na ċroinic. Adeir fós Cormac mac Ċuileannáin i n-a Ṡaltair go dtáinig d’ḟoirneart Gaeḋeal agus Cruiṫneaċ, ré’ ráiḋtear Picti, ar Ḃreatain, go ndearnadar Breaṫnaiġ feall trí huaire ar uaċtaránaiḃ na Róṁánaċ do ḃí ós a gcionn, mar ċeannaċ ar ḃeiṫ do ṡíoṫ re Gaeḋealaiḃ agus re Cruiṫneaċaiḃ. Tuig fós an cuṁgaċ i n-ar ċuirsead Gaeḋil Breaṫnaiġ re linn Uortigern do ḃeiṫ ’na ríġ orra, d’á dtáinig é do ṫaḃairt buannaċta do Hengist go n-a ṡluaġ Gearmáineaċ, aṁail léaġtar ag