Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
4
AN DÍONḂROLLAĊ. I.

Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Dauis, Campion, agus gaċ Nua-Ġall eile d’á scríoḃann uirre ó ṡoin amaċ, ionnus gur b’é nós, beagnaċ, an ṗroimpiolláin doġníd, ag scríoḃaḋ ar Éireannċaiḃ. Is eaḋ, iomorro, is nós do’n ṗroimpiollán, an tan ṫógḃas a ċeann i san saṁraḋ, ḃeiṫ ar foluaṁain ag imṫeaċt, agus gan cromaḋ ar ṁion-scoiṫ d’á mbí ’san maċaire, nó ar ḃláṫ d’á mbí i luḃġort, gémaḋ rós nó líle uile iad, aċt ḃeiṫ ar fuaidreaḋ go dteagṁann bualtraċ bó nó otraċ capaill ris, go dtéid d’á unfairt féin ionnta. Mar sin do’n droing ṫuas; ní cromaḋ ar ṡuḃailciḃ nó ar ṡoiḃeusaiḃ na n-uasal do Ṡean-Ġallaiḃ agus do Ġaeḋealaiḃ do ḃí ag áitiuġaḋ Éireann re n-a linn do rinneadar, mar atá scríoḃaḋ ar a gcróḋaċt agus ar a gcráḃaḋ, ar ar’ ṫógḃadar do ṁainistreaċaiḃ, agus ar a dtugadar d’ḟearann agus d’ḟódaiḃ re haltóir ḋóiḃ; ar ar’ ḃronnadar do ṫearmannaiḃ d’ollaṁnaiḃ Éireann, agus ar gaċ cáḋas d’á dtugsad do ṗearsannaiḃ agus do ṗreuláidiḃ eaglaise: ar gaċ coṁall síoṫa d’á dtugdaois d’á n-ollaṁnaiḃ, agus ar gaċ coṫuġaḋ d’á dtugdaois do ḃoċtaiḃ agus do ḋílleaċtaiḃ; ar gaċ bronntanas d’a dtugdaois d’éigsiḃ agus do luċt iarratais, agus ar ṁéid a n-einiġ d’aoiḋeaḋaiḃ, ionnus naċ féadtar go fírinneaċ a ráḋ go raiḃe luċt a sáruiġṫe i ḃféile nó i n-eineaċ ’san Eoraip riaṁ do réir a gcumais féin i gcoṁaimsir ḋóiḃ. Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar gaċ gairm scoile d’á dtugadar uaṫa (nós ná’r ċlos ag aon droing eile ’san Eoraip), ionnus go raiḃe an oiread soin d’éigean féile agus einiġ i Sean-Ġallaiḃ agus i nGaeḋealaiḃ Éireann, ná’r lór leo níḋ do ṫaḃairt do gaċ aon d’á dtiocfaḋ d’iarraiḋ neiṫ orra,