Page:Foras feasa ar Éirinn - Keating; Comyn, Dinneen.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

FORAS FEASA AR ÉIRINN.


AN DÍONḂROLLAĊ.

Ó’N ÚĠDAR GUS AN LÉAĠṪÓIR.

I.

Cibé[1] duine ’san mbioṫ[2] ċuireas roiṁe Seanċus nó Sinnsearḋaċt críċe ar bioṫ[3] do leanṁain nó do lorgaireaċt, is eaḋ[4] ḋliġeas cinneaḋ ar an slíġe is soiléire noċtas fírinne stáide na críċe, agus dáil[5] na foirne áitiġeas í, do ċur go soléir síos: agus do ḃríġ gur ġaḃas[6] rém’ ais Foras Feasa ar Éirinn d’ḟaisnéis, do ṁeasas ar dtús[7] cuid d’á leaṫtrom agus d’á heugcómlann d’eugnaċ[8]; agus go háiriṫe[9] an t-eugcoṁṫrom atá ag a ḋéanaṁ ar a háitiġṫeoiriḃ, mar atáid na Sean-Ġaill atá ’na seilḃ tuilleaḋ agus ceiṫre ċéad bliaḋan[10] ó ġaḃáltas Gall i leiṫ[11], mar aon re Gaeḋealaiḃ[12] atá ’na seilḃ (beagnaċ), re trí ṁíle[13] bliaḋan[14]. Óir ní ḟuil stáraiḋe ó ṡoin[15] i leiṫ d’á scríoḃann uirre naċ ag iarraiḋ loċta agus toiḃéime do ṫaḃairt do Ṡean-Ġallaiḃ agus do Ġaedealaiḃ[16] ḃíd.

Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an dteist doḃeir Cambrens,


[17] I. For some introductory remarks found in good MSS., see at end of Díonḃrollaċ.

  1. Gibé, C; Gioḋ bé, F; Cidh bé, H.
  2. san ḃioth, C; san biṫ, F; H omits.
  3. san mbiṫ, H; ar bioṫ, al.
  4. aseaḋ, F and C.
  5. dáil, C.
  6. ġaḃusa, H.
  7. ar tús, C, air ttús, H.
  8. degnaċ, F.
  9. Sic C; go háiriġṫe, F and H.
  10. Sic C; bliaġain.
  11. ille, C; ale, H.
  12. Gaoiḋiolaiḃ, C; Gaoḋalaiḃ, H.
  13. Some good MSS. aspirate initial after trí.
  14. Sic C: bliaḋoin, F; bliaġain, H.
  15. o ṡin alle, C. alle, F.
  16. Gaoiḋiolaiḃ, C: Gaoḋalaiḃ, H.

Cite error: <ref> tag with name "reallyunused" defined in <references> group "" has no content.