Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
9
Faoistin Naoṁ-Ṗádraig.

a ḃí róṁam; tá fios an méid seo agm, áṁṫaċ, go ró-ċinnte, gur ċoṡṁail mé sul ar torċraḋ mé, le cloiċ ḃeaḋ ṫíos i ndoiṁin-laṫaiġ, nó go ḋtáinig an Té go ḃfuil cuṁaċt aige, agus tré n-a ṫrócaire gur ṫóg Sé mé is gur arduiġ Sé arír mé is ċuir ar ṁullaċ an ṁúir mé. Agus ar an aḋḃar sain, buḋ ċeart daṁ-sa, leis, éiġeaṁ ċum cúitiuġaḋ éigin do ḋéanaṁ le Dia i dtaoḃ a ṁór-ṫaḃartaisiḋé, ar an saoġal so agus san tsíorraiḋeaċt, gó ndeaġaiḋ de intleaċt an duine iad do ṁeas.

13. Ar an aḋḃar sain, a ḋaoine, idir ṁór agus beag go ḃfuil eagla Dé oraiḃ glacaiḋ iongnaḋ; agus, a óraidiḋṫe ró-ṁaorḋa, éistiḋ is déanaiḋ léir-scrúdaḋ: Cia ġlaoiḋ orm-sa im leaṁas is mé ar lár foirne gur ḋóiġ le duine orṫa go ḃfuilid eolgaċ oilte san ndliġe agus taṫacaċ i gcainnt is san uile níḋ? Agus, mise fairis sin, atá fá ṫáir ag an saoġal so, do ṡéid Sé ionnam tar ċáċ, aṁail is dá mbuḋ ḋuine den tsórt sain mé; aċt aṁáin go ḃfóġnfainn go díleas, le heagla is le hurraim is gan gearán, dón ċineaḋ úd i n-ar ṡeol gráḋ Ċríost mé, is gur ḃronn orṫa mé lem ṡaoġal dá mb’ḟiú mé é; ’seaḋ is go mbeinn mar ṡeirḃíseaċ aca go huṁal is go díleas.

14. Dá ḃríġ ṡin, do réir miosúir ċreidiṁ san Tríonóid, is cuiḃe ḃeiṫ ceapaiṫe ar ṫaḃartas Dé is ar ṡólás síorruiḋe do ċur i n-uṁail, gan eagla Dé ag cur orainn, ainm Dé do leaṫaḋ ins gaċ aon ḃall go díleas gan uaṁan, agus fiú aṁáin, tar éis mo ḃáis, bea-oiġreaċt d’ḟágaint ag mo ḃráiṫriḃ is ag an gclainn do ḃaisteas san dTiġearna, an oiread sain mílte duine.

15. Agus níor ḃ’ḟiú mé, is níor ḋuine dá leiṫéid mé, go mbronnfaḋ an Tiġearna an níḋ sin ar a