Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
7
Faoistin Naoṁ-Ṗádraig.

10. Aċt cad é an tairḃe leaṫ-scéal do réir na fírinne, go mór-ṁór leaṫ-scéal urraḋsaċ? Mar tá tnúṫ agam féin anois i n-aois mo leiṫe leis an rud nár ġaḃas ċuġam le linn m’óige. Óir do ċoisc mo ṗeacaiḋe mé ar na neiṫe ḃí léiġte agam ċeana féin do léir-ṁeaḃruġaḋ. Aċt cia ċreidfeaḋ mé, abair is go ndéarfainn an rud aduḃart ċeana? Nuair ná raiḃ ionnam aċt aosánaċ, nó dá ndéarfainn páiste roiṁ ṫeaċt féasóige, do gaḃaḋ im ḃraiġid mé sul ar ḃ’eol dam cad do leanfainn nó do ṫnúṫfainn, nó cad buḋ ċóir dam do ṡéanaḋ. Dá ḃríġ sin tá scáṫ is mór-eagla orm m'ainḃfios do noċtaḋ fá láṫair; mar, ón uair ná fuil taḃairt suas orm, ní féidir liom mo smuainte do ċur i n-uṁail le coṁgar cainnte. Óir do réir mar oibriġeann an Spioraid is eaḋ noċtann an dúṫraċt anam agus éifeaċt.

11. Aċt, dá mbronntaiḋe orm-sa mar do bronnaḋ ar ḋaoiniḃ eile! ’N-a ḋiaiḋ san is uile, ar son an ċúitiṁ ní éistfinn. Agus má’s dóiġ le n-a lán go ḃfuilim dom ċur féin ċum tosaiġ san níḋ seo, lem ainḃfios is lem ṫeangain ró-leisc, tá scríoḃṫa: Teangṫaċa luċt na briotaireaċta is mear do ċleaċtfaid an tsíoṫċáin do luaḋaḋ. Naċ mór gur ċóra ḋúinn-ne tnúṫ do ḃeiṫ againn leis sin, is gur sinn-ne, dar leis, eipistil Ċríost ċum saorṫa go forimeall na cruinne; ar ṡon naċ eipistil léiġeanta í, breiṫ ró-ṫréan is eaḋ í, atá scríoḃṫa i nḃar gcroiḋṫiḃ agus ní tré ḋuḃ é aċt tré Spioraid Dé ḃí. Agus faisnéiseann an Spioraid fós: Agus an Fíoruaċtraċ do ċruṫuiġ Sé an tuaṫaċt.

12. Dá ḃríġ sin, mise ḃí ar dtúis im ṫuaṫaċ is im ḋeoraiḋe gan foġluim, ar ċuma ná raiḃ ḟios agam cionnas críoċ do ḋéanaṁ i gcóṁair an tsaoġail