Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
5
Faoistin Naoṁ-Ṗádraig.

aduḃairt fós: Is ionṁolta é gníoṁarṫa Dé d’ḟaisnéis is d’adṁáil.

6. Aċt, ar ṡon go ḃfuilim neaṁ-ḟoirḃṫe i n-a lán neiṫe. Is mian lion fios mo ċáiliḋeaċta do ḃeiṫ ag na ḃráiṫriḃ is ag mo ġaoltaiḃ, ionnus gur léir dóiḃ ró-ṫoil m’anma.

7. Ní ag déanaṁ dearmaid atáim ar ḟiaḋnaise mo Ṫiġearna d’adṁuiġeann san tSailm: Millfir luċt laḃarṫa an éiṫiġ. Agus adeir Sé fós: an béal d’inniseann an t-éiṫeaċ marḃuiġeann sé an t-anam. Agus adeir an Tiġearna céadna san Soiscéal: An baoṫ-ḟocal a laḃarfaid daoine caiṫfid cunntas do ṫaḃairt ann Lá an Ḃreiṫeaṁnais.

8. Ar an aḋḃar sain is cóir dam, le bárr faitċis is ċriṫ-eagla ró-uaṁan do ḃeiṫ orm roiṁ an mbreiṫeaṁnas sain an lá úd ná fuiġiḋ aoinne dul ar ceal ná i ḃfolaċ, aċt go gcaiṫfimíd uile cunntas do ṫaḃairt i n-ar bpeacaiḋiḃ, fiú aṁáin sna peacaiḋiḃ is luġa, ós coṁair ḃeinnse an Tiġearna Críost.

9. Dá ḃríġ sin, is fadó ṁeasas scríoḃaḋ, aċt do staonas go dṫí so; mar b’eagal liom ná raġainn ó ḃéal na ndaoine; óir ní raiḃ an taḃairt suas orm, fé mar atá ar ḋaoiniḃ eile go ḃfuil sár-eolas aca ar an ndliġe is ar an Scríḃinn Diaḋa, agus ó aois leinḃ dóiḃ nár aṫruiġeadar a n-urlaḃra aċt i n-a ionad sain go mbídís ag gnáṫ-ċur feaḃsa air. Óir d’aṫruiġeaḋ mo ċainnt is m’urlaḃra-sa ċum teangan iasaċta. Aċt is furaiste d’aiṫint ar ḃlas mo scríḃne, laiġead mo ċuid foġluma is na léiġinn i dtráċtaiḃ; mar, aṁail adeir an tEagnaċ: Ar an dteangain aiṫneoċar ciall is eolas is teagasc na fírinne.