Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
3
Faoistin Naoṁ-Ṗádraig.

3. Ar an aḋḃar sain, ní féidir liom—ná níor ċuiḃe uaim é—gan tráċt ar a liaċt taḃartaisiḋe is grása do ḋeonuiġ an Tiġearna do ḃronnaḋ orm i ndúṫaiġ mo ḃraiġdeanais; óir is é ar gcúitiuġaḋ-na leis, ná tar éis ar míniġṫe agus tar éis dúinn eolas do ċur ar Ḋia go luaḋfaimís is go n-aḋṁolfaimís a ṁíorḃailiḋe ós coṁair gaċ ciniḋ da ḃfuil fá’n spéir uile.

4. Mar ní’l aon Dia eile ann is ní raiḃ riaṁ is ní ḃeiḋ go deo, aċt Dia an tAṫair gan geineaṁain gan tús, gurab uaiḋ gaċ tús—É uile-ċuṁaċtaċ mar adeirimíd; agus a ṁac Íosa Críost go ndearḃuiġimíd a ḃeiṫ i ḃfoċair an Aṫar riaṁ roiṁ ṫús an doṁain, do geineaḋ ón Aṫair go do-luaiḋte i rioċt spioradálta roiṁ gaċ tús; agus is tríd sin do deineaḋ an so-ḟeicsiona agus an do-ḟeicsiona; do deineaḋ i n-a ḋuine, agus iar mbuaḋaċtaint dó ar an mbás, do glacaḋ ’sna flaiṫis ag a Aṫair É. Agus do ṫug seisean an uile ċuṁaċt dó ós cionn gaċ ainme dá ḃfuil ’sna flaiṫis is ar an dtalaṁ is i n-ifreann ; agus adṁuiġeaḋ gaċ teanga ḋó gurab é Íosa Críost an Tiġearna agus an Dia i n-a gcreideam. Agus tá súil againn le n-a luaṫ-ṫeaċt i n-a ḋiaiḋ-so, i n-a ḃreiṫeaṁ ar ḃeoḋaiḃ is ar ṁarḃaiḃ, ċum cúitiuġaḋ le cáċ do réir a ngníoṁarṫa. Agus d’ḟear Sé orainn go líonṁar an Spioraid Naoṁ, taḃartas agus geall na do-ṁarḃṫaċta, do-ġníonn de luċt creidiṁ is uṁlaiḋeaċta maicne Dé is cóṁ-oiġriḋe le Críost, an Té adṁuiġimíd is aḋraimíd i n-aon Dia i dTríonóid an naoṁ-ainme.

5. Mar aduḃairt Sé féin tré ḃéal a ḟáiḋe: Aṫġoir orm lá do ḃuaiḋearṫa, agus ḃéarad fuascailt duit, agus déanfair móriiġaḋ orm; agus