Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Faoistin Naoṁ-Ṗádraig, Easpog, annso síos.

1. Mise, Ṗádraig peacaċ, an té is tuaṫaíġe agus is luġa de sna fíréanaiḃ go léir, agus is táir ag a lán mé.

B’é b’aṫair dam Calpornus déagánaċ, mac Ṗotitus, sagart ó ġráig Ḃanaḃem Taberniae; agus ḃí áitreaḃ aige coṁgaraċ, mar ar gaḃaḋ im ḃraiġid mé. Ḃíos tuairim le sé bliaḋna déag d’aois an tráṫ sain. Níor ḃ’eol dam an fíor-Ḋia; agus da rugaḋ go hÉirinn im ḃraiġid mé maille le hil-ṁíltiḃ daoine, fé mar ḃí tuillte againn; óir do ṫréigeamar Dia, agus níor ċoṁlíonamar a aiṫeanta, agus ní ḃímís uṁal dár sagartaiḃ do ċoṁairliġeaḋ sinn ċum leasa ar n-anma. Agus d’ḟear an Tiġearna orainn fraoċ-ṫuile a ḟeirge; agus do ċuir ar fán sinn ar il-ċineaḋċaiḃ geintiliḋe fiú aṁáin go for-imeall na cruinne, mar is ionḟaicsiona mo ṡuaraiḋeaċt-sa fá láṫair i measc aicmlḋe iasaċta.

2. Agus annsúḋ do noċt an Tiġearna ar ċéad-faḋ mo ṁí-ċreidṁeaċta-sa, ionnus, dá ḋéiḋeanaiġe é, go gcuiṁneoċainn ar mo ċionntaiḃ agus go n-iompóċainn de Lán-ċroiḋe ċum mo Ṫiġearna Dia do ṫuig dom uirísleaċt, is do ġlac truaġ d’óige m’ainḃfeasa, is do ċoṫuiġ mé sul ar ċuireas eolas air is sul ar ṫáinig tuigsint dam is sul ar léir dam ar maiṫ seoċas an t-olc, agus ṫug caoṁnaḋ is sólás ḋam fé mar ṫiuḃraḋ aṫair dá ṁac.

B