Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
iv
Réaṁ-raḋ.

le failliġe. Buḋ ċóir do Ġaeḋealaiḃ Éireann agus do Ġaeḋealaiḃ úile an doṁain an-ṡuim do ċur i ḃFaoistin Ṗadraig. Léiġidís is aṫléiġidís í; cuiridís i láṁaiḃ a bpaistiḋe í. Déanaidís maċtnaṁ ar ḃeaṫaiḋ is ar ṫeagasc ar bpríoṁ-apstail; leanaidís go dúṫraċtaċ a lorg.

’Sé ċuireas róṁam san leaḃar so ná an Ḟaoisṫin d’aistriuġaḋ go Gaeḋilg; agus i dtreo go ḃféadfaiḋe meas cruinn do ḋéanaṁ ar an aistriuġaḋ sain do ċeapas gur ṁaiṫ an rud an leagaḋ Gaeḋilge agus an Laidean ḃunaḋasaċ do ċur ar aġaiḋ a ċéile. Tá aistriuġaḋ Béarla le faġáil i ndeireaḋ an leaḃair, mar ṡúil go ndéanfaḋ sé áis do ṁacaiḃ léiġinn na fuil cliste ar an nGaeḋilg ná ar an Laidin. Is cóir dam a adṁáil annso gur ṁór an deise ḋam leaḃar an Ḟaoitiġ[1] le linn na hoibre seo. Is maiṫ an congnaṁ, leis, do ṫug triúr dem ḋlúṫ-ċairdiḃ .i. Taḋg Ua Donnċaḋa agus Sean Ua Ceallaiġ agus Riseárd Ua Foġluḋa ḋam, agus ḃeirim mo ḃuiḋeaċas dóiḃ dá ċionn.

PÁDRAIG UA DUINNÍN.

  1. "Latin Writings of St. Patrick," ó láiṁ Newport J. D. White, D.D. Proceedings of the Royal Irish Academy, Vol. xxv., Sec. C., No. 7.