Page:Faoistin naoṁ-Ṗadraig (1906).djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

RÉAṀ-RÁḊ.


NÍ’L aon scríḃinn a ḃaineas le sean-ṡtair na hÉireann is taḃaċtaiġe ’ná Faoistin Naoṁ-Ṗádraig. San ċúigṁeaḋ aois is eaḋ scríḃ Pádraig an cunntas so ar a ḃeaṫaiḋ féin, ar an gcuma i n-ar ionnarbaḋ é i n-aois a ṡé mbliaḋan déag, ar an anḃruid is ar an gcruaḋtan d’ḟulaing sé i ndúṫaiġ a ḃraiġdeanais, ar a ḋúṫraċt croiḋe, ar a ḋíoġrais aigniḋ. Tá cunntas san ḃFaoistin ar an gcuma i n-ar leaṫaḋ creideaṁ Ċríost ar fuaid oileain na hÉireann, ar an gcuma i n-ar ṫriall ar bpríoṁ-apstal ó ṫaoḃ taoḃ na tíre ag foirċeadal Soiscéil an Tiġearna agus ar a ġile is d’éiriġ Leis.

Is beag an iongnaḋ go mbeaḋ mórḋail ar Ġaeḋealaiḃ is cunntas ċóṁ cruinn ċóṁ bríoġṁar san do ḃeiṫ aca ar ḃunaḋas a nEaglaise is ar ṡean-stair a dtíre. Ní gan ċruaḋtan ná anróġ do cuireaḋ Eaglais Ċríoft ar bun i nÉirinn. Ní gan géar-leanṁam ná dortaḋ fola do ċoimeád clann díleas na nGaeḋeal greim daingean ar a gcreideaṁ ar feaḋ cúig céad déag de ḃliaḋnaiḃ. Ar Ġaeḋealaiḃ na ré seo agus ar a gclainn bíoḋ a ṁilleán agus a ċonáċ má leigid an creideaṁ sain uaṫa le fuaire is