Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
52
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Dar ndóiġ, ní gáḃaḋ ḋuit “paidir Ċapaill” ar fad a ḋeunaṁ den sceul,” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ná cuir amuġa air mé,” arsaiġ Eiḃlís.

“Sin é an sagart lán de Laidin
Do ṗós an fear gan ṁaiṫ gan ṁaoin
Leis an gcailín deas díoṁaoin
Do ċrúiḋ an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.

Sin é an coileaċ a ġlaoiḋ ar maidin
Do ḋúisiġ an sagart lán de Laidin
Do ṗós an fear gan ṁaiṫ gan ṁaoin
Leis an gcailín deas díoṁaoin
Do ċrúiḋ an ḃó leis an aḋairc ċam
Do leag an madra síos ’sa ngleann
Rug ar an gcat, an seibionaċ breáġ,
Do ṁarḃ an franncaċ luaṫ ’sa lá
D’iṫ an coirce garḃ a’s mín
Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.”

“’Seaḋ, tá gaisce mór deunta anois agat,” arsaiġ an ċneaṁdóg, “do-ġeoḃa tú t’anáil a ṫarraing anois agus béidir annsin go ndeurfá, ‘Táir in Aċrann is na Bliaḋanta!’”

“’Seaḋ, deunfa mé mo ḋíċeall, ar ndóiġ,” arsaiġ Eiḃlís.

Coṁ luaṫ agus a fuair sí breiṫ ar a hanáil seo ar siuḃal arís í.