An té ċífeaḋ an t-iongantas ċonnaic mé i gcrann geaṁaise, Fionnóg agus cleaṫ aici ag caiṫeaṁ le franncaiġ. Ḃí oiread ceann capaill de ḃosca ar a ceann ṫuas, A’s í ag díol a cuid earraiḋe idir Ċorcaiġ agus Londuin.
M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déiniḋ rinnce.”
“Éist do ḃeul,” arsaiġ an ċneaṁdóg, “tá sé go léir tré n-a ċéile agat.”
“Is dóċa go ḃfuil, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, go scáṫṁar, “is dóċa go ḃfuil cuid de na focail bun ós cionn agam.”
“Tá gaċ aon ṗioc riaṁ de bun ós cionn agat, ó ṫosaċ go deireaḋ,” arsaiġ an ċneaṁ- dóg. Níor ḟan focal aici.
“Abair ’Aiġneas an Ṗeacaiḋ leis an mBás,’” arsaiġ an ċneaṁdóg.
“Ní ḟuil sé agam,” arsaiġ Eiḃlís. “Ná “Coṁairle na Bárd Scolóige dá Ṁac,"” arsaiġ an ċneaṁdóg.
“Ní ḟuil, ná sin,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt deurfa mé “An Tiġ a Ṫóg Seáinín” duit.”
“Oḃoċ! mo léir tú!” arsaiġ an ċneaṁdóg, “ḃeaḋ sé sin ag an leanḃ a rugaḋ indé geall leis, aċt, seo leat é, má’s eaḋ.”
Ḃí an dá láiṁ taoḃ ṫiar dá drom i gcoṁ- nuiḋe agus ṫosnuiġ sí gan a ṫuille moille:
“Sin é an tiġ a ṫóg Seáinín.
Sin é an coirce garḃ a’s mín Do ḃí ’sa tiġ a ṫóg Seáinín.