mar sin duit-se fós, aċt beiḋ tú id’ ṗiast lá breáġ éigin, agus in a ḋiaiḋ sin beiḋ tú id’ ḟeilleacán, agus ḋeurfainn-se, pé sceul é, ná beiḋ tú ró ṡásta a ḃeiṫ ag aṫruġaḋ ċoṁ minic sin.”
“Riaḃaċ pioc caduaic a ċuirfiḋ sé orm,” arsaiġ an ċneaṁdóg.
“Ó, béidir,” arsaiġ Eiḃlís, “naċ í an nádúir ċeudna tá ionainn, aċt tá a ḟios agam gur ait liom-sa a leiṫéid.”
“Leat-sa, an eaḋ,” arsaiġ an ċneaṁdóg. “Cé hé tusa, má’s eaḋ?”
Agus ṫarraing an ċeist sin siar ċum tosaċ an tseanċuis arís iad. Níor ṫaiṫniġ le Eiḃlís an tsnabaireaċt so ón ċneaṁdóig, agus ḃain sí stuir aiste féin agus aduḃairt i gcorp lom dáiríreaċta: “Is dóiġ liom,” ar sí sin, “gur ċeart duit-se a innsint doṁ-sa cé hé tú féin i dtosaċ.”
“Cadé a ċúis?” arsaiġ an ċneaṁdóg. Ċuir an ċeist seo an ċaint ’sa ṁuilleann arís orra, agus ós rud é ná fuiġfidís réiḋċan le n-a ċéile d’iompuiġ Eiḃlís ar a sáil agus ḃí sí ag imṫeaċt léi.
“Cas,” arsaiġ an ċneaṁdóg, “tá rud éigin éifeaċtaṁail agam le ráḋ leat.”
’Seaḋ, ḃí deallraṁ éigin ar an gcaint sin, agus ċas Eiḃlís ṫar n-ais arís.
“Iomċur tú féin,” arsaiġ an ċneaṁdóg. “Ná raiḃ le ráḋ agat liom aċt an méid sin?” arsaiġ Eiḃlís, agus ḃrúiġ sí fúiṫe ċoṁ maiṫ agus d’ḟeud sí é.
“Ḃí,” arsaiġ an ċneaṁdóg. Duḃairt Eiḃlís léi féin go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aici a suaiṁneas a ċeapaḋ agus go mb’ḟéidir go inneosaḋ sé rud éigin dí ar ḃfiú éisteaċt leis. Ar feaḋ