Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/153

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
145
I dTÍR NA nIONGANTAS

’seaḋ ḃeiṫ d’iarraiḋ ciall ná meaḃair a ḃaint as, agus ní gáḃaḋ dul in a ṫrioblóid, aċt, fan leat anois go ḃfeicimíd,” agus d’oscail sé amaċ an páipeur, leag sé ar a ġlúine ċuige é, ḋún sé súil leis: “Is dóiġ liom tar éis gaċ aon rud go ḃfuil ciall éigin leis — “aċt aṁáin ná feudfainn snáṁ” — ní ḟuil snáṁ agat-sa, an ḃfuil?” ar sé sin leis an gCuireata.

Ḃain an Cuireata boċt croċaḋ as a ċeann agus is é ḃí ag feuċaint go cásṁar. “Ar ḋóiġ leat orm go mbeaḋ?” arsa mo ḋuine boċt. (Do b’ḟuiris d’aoinne a ráḋ ná beaḋ snáṁ ag cárta).

“Tá san go maiṫ agus ní ḟuil go holc,” arsaiġ an Rí, agus ċrom sé ag meaḃruġaḋ na cainte leis: “’Ṁol sí sin go hárd mo ċáil’ - mo ċáil-se é sin, dar ndóiġ — ’má ċuireann sí an sceul ċum crí’’ — duit-se a ṫagrann sé sin, a laoġ!” ar sé sin leis an mBainríoġain - “’Ṫugas-sa a haon dí sin, dó san a ṫugadar a dó’ — sin mar d’imṫiġ na prátaí rósta, ar ḋóiġ …”

“Is eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt léiġ leat: “A’s ċasadar orm arís …’”

“Is eaḋ, ar ndóiġ,” arsaiġ an Rí, “agus dá ċoṁarṫa san féin sin iad annsin ar an mbórd iad. Ní ḟuil aon rud níos soiléire ná san. Agus feuċ leat arís — ’Ṫáinig idir í is mé’ — agus, dar ndóiġ, a ċuid den tsaoġal! níor ṫáinig aoinne riaṁ eadrainn.”

“Níor ṫáinig riaṁ,” ar sí sin, ag breiṫ ar ḃuideul an duiḃ ḃí taoiḃ léi agus dá ċaiṫeaṁ le binib leis an arcluaċra. (Ḃí Taḋg boċt tar éis éiriġe as a ḃeiṫ ag scríoḃaḋ le n-a ṁéir ó’s rud é nár ḟan aon scríoḃaḋ ar an