"Dada go Dia, adeir mé leat,” arsaiġ Eiḃlís.
“Éist leis sin,” arsaiġ an Rí leis an gCoiste, “sin rud an-éifeaċtaṁail.” Ḃí an Coiste ag tosnuġaḋ díreaċ ar na focail seo a scríoḃaḋ síos ar a gcuid slinnte aca nuair a laḃair an Coinín Gléigeal: “Mí-éifeaċtaṁail, a ṁeas tú a ráḋ, le toil do ṁór-uaisleaċta,” ar sé sin go hurramaċ, aċt mar sin féin ḃí sé ag dranġail, agus ag bagairt ar an Ríġ le linn na cainte ḋó.
“Ó, ’seaḋ, mí-éifeaċtaṁail, ar ndóiġ, ṁeas mé a ráḋ,” arsaiġ an Rí d’urċar, agus annsin lean sé air ag caint leis féin agus ag cur na ḃfocal — an-éifeaċtaṁail — mí-éifeaċtaṁail - mí-éifeaċtaṁail — an-éifeaċtaṁail, tré n-a ċéile mar a ḃeaḋ sé d’iarraiḋ a ḋeunaṁ amaċ ciaca an focal ceart.
Scríoḃ cuid den Ċoiste “an-éifeaċtaṁail,” agus cuid eile “mí-éifeaċtaṁail.” Ḃí Eiḃlís ag feuċaint isteaċ ṫar a nguailne, agus ċonnaic sí gur mar sin a ḃí: “Aċt is cuma é, dar ndóiġ,” ar sí sin léi féin.
An ḟaid a’s a ḃí an Coiste ag scríoḃaḋ ḃí an Rí ag scríoḃaḋ in leaḃairín beag póca ḃí aige. “Ciúineas!” ar sé sin d’urċar, agus léiġ sé amaċ as a leaḃar: “Riaġal a dó a’s dá ḟiċead. — Caiṫfiḋ gaċ aoinne ḃfuil breis is míle ar aoirde ann an Ċúirt d’ḟágaint.”
D’ḟeuċ gaċ aoinne ar Eiḃlís. “Ní ḟuil míle ar aoirde ionnam-sa,” arsaiġ Eiḃlís.
“Tá,” arsaiġ an Rí.
“Tá, geall le ḋá ṁíle,” arsaiġ an Ḃain- ríoġain.