diuc ḃí sí — aċt cad ḃeaḋ taoḃ leó aċt an Ḃainríoġain agus í ag borraḋ agus ag at mar ḃeaḋ cat i mála.
“Lá breáġ, a Ḃainríoġain!” arsaiġ an Ḃaintiġearna, go háiṁleasc.
“Táim dá ráḋ leat,” arsaiġ an Ḃainríoġain ón a scartaċa amaċ agus ag bualaḋ iarraċt dá cois ar an talaṁ, “go gcaiṫfe tusa nó do ċeann a ḃeiṫ scriosta as mo raḋarc i leaṫ an ṁéid aimsire a’s a ḃainfeaḋ sé ḋe ḋuine léim in a ṡeasaṁ dá suiḋfeaḋ sé ar ġriodal dearg! Bíoḋ do roġa agat!”
Agus ḃí a roġa aici; ḃí sí teiċte fé raiḃ an focal as a beul aici.
“Leanaimís orainn leis an gcluiċe,” arsaiġ an Ḃainríoġain le hEiḃlís, agus ḃí an iomarca eagla ar Eiḃlís aon rud a ráḋ aċt an Ḃain- ríoġain a leanaṁaint go dtí faiṫċe an ċróicé.
An dream eile ḃí ag imirt an ċluiċe ċuadar ar scáṫ na cupóige ón ngréin nuair fuaireadar an Ḃainríoġain imṫiġṫe uaṫa, aċt ar an nómant a ċonnacadar ag casaḋ í seo ċum an ċluiċe arís iad. Ní duḃairt an Ḃainríoġain aon rud aċt gur ṁaiṫ an ḃail orra nár ḟanadar fén scáṫ gur ċas sí, go mbeaḋ a n-anam aici.
An ḟaid a ḃí an cluiċe ar siuḃal níor ċuaiḋ lagaḋ ar an mBainríoġain aċt ag aċrann, ag aċrann le gaċ aoinne eile ḋe na himirṫeoirí, agus ag screuċaḋ amaċ, “Scuab an ceann de,” nó “Scuab an ceann dí"! An dream a daoraḋ ċum a ndí-ċeannaḋ ḃíodar gaḃṫa ag na saiġdiúirí, agus ó’s rud é gurb’ iad na saiġdiúirí na stuaḋanna ḃí aca ḃí deireaḋ leis na stuaḋanna i gcionn leaṫ-uair an ċluig agus ḃí na himirṫeoirí eile go léir gaḃṫa agus fé