Page:Duan na Nodlag.djvu/137

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
129
DUAN NA NODLAG.

leaṫ-láṁaiġ, agus tógfan caoṁairle le ċéile i dtaoḃ do ġnóṫa um ṫráṫnóna beag so ós cionn scála do ṗuins go mbeiḋ gal as. Aduiġ na teinte agus ceannuiġ bosca nuaḋ i gcóṁair an ġuail a Ḃob Ċraitchit, sul a ċuirfir síne fada ar aon “i” eile.

Do b’ḟeárr Scrúg ná a ġeallaṁaint. Do rinne sé an méid sin ar fad agus seaċt gcead neiḋṫe naċ é. Aċt do ḃi sé ’n-a aṫair do Ṫaiḋgín Ċaol, agus ní ḟúair Taiḋgín bás, leis. D’iompuiġ sé amaċ ’n-a ċaraid, ’n-a ṁáġaistir ’n-a ḟear ċoṁ maiṫ is ḃí ’san sean-ċaṫáir, nó i n-aon sean-ċaṫair, ná sean-ṡráid, ná sean-daingean eile ’san sean-doṁan so riaṁ. Ḃíoḋ daoine ag gáiriḋe fé i dtaoiḃ an aṫruġṫe do ṫáiniġ air, aċt do léig sé ḋóiḃ gáiriḋe leo, agus nor ḃac sé leo, óir is aige ḃí a ṡáir-ḟios ná deaċaiḋ aon níḋ ar an saoġal so riaṁ ċum cinn ná raiḃ daoine éigin ag stealla-ṁagaḋ fé i dtosaċ, agus ’nuair a ḃí a ḟios aige go mbeaḋ a leiṫéidiḋe seo dall ar aon tsliġiḋ, do ḃeartuiġ sé go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aca a súile do ḋúnaḋ suas le filltíní scige leis an galar d’ḟáġail i gcuma éigin mí-ċneasta. Do ġáir a ċroiḋe féin, agus níor ḃeag sain leis.

Ní raiḃ aon ċaidreaṁ aige ar spioraidiḋiḃ a ṫuil- leaḋ, is d’éiriġ sé asta ar fad ar feaḋ a ṡaoġail, agus adeirtiḋe go raiḃ a ḟios aige cionnas ba ċóir an Nodlaig do ċaiṫeaṁ, má ḃí an fior sain ag aoinne ’n-a ḃeaṫaiḋ. Agus dá ḃriġ sin, mar aduḃairt Taiḋgín Caol, bail ó Ḋia orainn go léir.

DEIREAḊ.