Page:Deoraidheacht (1920).pdf/127

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
127
Deoraidheacht

“D’innis.”

“Agus gur chaitheas tréimhse eile ar fán agus ar seachran an tsaoghail gan blas agam le cur ’mo bholg: gur thug sí féin rud le n’ithe dhom agus mé beagnach préachta—ar innis sí sin dóibh?”

“D’innis.”

“Agus le bárr ar gach cleas, is dócha gur innis sí dhóibh go rabhas i gcleamh­nas—go rabhas i gcleamh­nas le mnaoi a bhí i dtais­beántas le n‑a saoghal agus a bhí seacht gclocha fichead meadhchan!”

“Ó, a Mhichíl! a Mhichíl! ní rabhas seacht gclocha fichead ariamh: ní raibh, a Mhichíl! ní raibh. M’athair a bhíodh ’ghá rádh.…”

“Ar innis sí dhóibh é?”

“D’innis.”

“Agus cé dubhairt léithi go raibh cleamhnas ann?” arsa mise go fíochmhar. Bhí an greann thart.

“Agus nach bhfuil, a Mhichíl? Nach ndeárnadh an cleamhnas an lá fad ó i nGaillimh…? Bhí fhios agam go raibh tú toil­teanach nuair a phóg tú mé Dia Domhnaigh seo caithte—phóg tú mé uait féin, uait féin, a Mhichíl​…​Cheapas nach raibh tú ag fanacht acht go mbéadh na pigh­neacha bail­ighthe agam-sa. D’innis mé dhi go rabhamar le pósadh, a Mhichíl.​…​Bhí buile uirri​…​Beag nár mharbh sí mé, a Mhichíl—bhí sí ar mire. Cheap sí an cleamhnas a bhriseadh. Dubhairt sí go mbéadh náire ort roimh do mhuintir​…​go mbéadh náire ort mar gheall orm-sa, a Mhichíl, agus nach bpósfá mé​…​Le go bhfeic­fidhe an bheirt againn i n‑aon­fheacht chuir sí glas ar an doras​…​ag ceapadh go mbéadh náire ort​…​acht bhí fhios agam-sa nach mbéadh: nár leig tú dhi a dhéanamh?”

Rug sí greim láimhe orm nuair a bhí an méid sin cainte curtha dhi aici. Acht tharraing mé an lámh uaithi. Rugas ar chnap an dorais, agus thos­uigheas ’ghá chreath­adh. Bhí sé go