Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

38


coṁrac garg con. Do scaoil Fionn féin an slaḃra óir do ḃí fá ṁuineul ḃán Ḃran agus ní raiḃ aon deór dá raiḃ ag sileaḋ as a ḋá ṡúil in a diaiḋ ná téiḋeaḋ go bun tríd an gcloċ. Seal naoi n-oiḋċe agus seal naoi lá ṫug an dá ċoilean gan spás ag troid nuair do ḃí Bran dá lot agus dá cré creuċtaḋ. Nuair do ḃí sí dá cré agus dá lót, agus i rioċt síneaḋ ar an ḃfeur, ní raiḃ aċt foirbiuġaḋ ġá ġearraḋ ar ċúl na cú ḋuḃ con duiḃe. Do ċuiṁniġ Conán innsin go raib fios ag Fionn.

"A Ḟinn ṁic Cuṁaill," aduḃairt Conán, "cad fá ann ná breaṫnuiġeann tú ar do ċoileán féin indiu agus a liaċt fios [feasa] fuair tú amaċ riaṁ as do ṁeór agus dá mbeaḋ do órdóg agam-sa fá mo ġéill, do ḃainfinn-se mo ḋaoṫaint fios feasa aiste lem ré."

"Ó, a Ċonáin," arsa Fionn, "dá mbeaḋ mo órdóg agat-sa fa do ġéill, níor ḋóiġ dam go mbaḋ liom ḟéin í go bráṫ arís." Aċt mar sin féin do ċuir Fionn a órdóg in a ḃeul féin agus do ḃain sé aiste go luaṫ fios ná raiḃ aon ḟaġḃáil claoiḋte ag an gcú ḋuḃ go bráṫ go gcuirfiḋe a hainm in a haġáiḋ Cor.

Nuair fuair Fionn fios a hainm amaċ aduḃairt sé le Conán.

"A Ċonáin ṁaoil ḃáin, déin se dán dom ċoileán féin indiu agus níl aon ḟaġḃáil claoiḋte ag an gcú ḋuḃ go bráṫ go gcuirfe tú a hainm in a haġaiḋ Cor."

Innsin do laḃair Conán le Bran, "Ara, a Ḃran uasal," arsa Conán le Bran, "is leat-sa do ṫuit gaċ caṫ dá ṁéid. Is leat do ṫuit torc niṁe Scáil an ġleanna. Is leat do ṫuit an fiaḋ bán beagánaċ bíoḋgánaċ borb. Is leat do ṫuit caṫ inse ui Ċromuill in ar ċeangalaḋ ár dtón den ċré agus ná breaṫnaiġ fút ná ṫart aċt caiṫ as cor an coileán gránda geur."

Nuair fuair Bran fios a hainme amaċ, do ṗreab sí suas, an coileán uasal do ḃí gan loċt, ṫug sí an