Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

33


ḃfuiḃġeaḋ sé dul a do ċodlaḋ innte. Nuair do ḃí sé tar éis a ċoda do ċaiṫeaṁ, do las sé a ṗíopa agus do ḃí gal aige. Níor ḃfada gur ḃuail triúr fear isteaċ ċuige agus cóṁra ar a nguailniḃ aca agus do leagadar trasna an teinteáin í agus d’imṫiġeadar leó. Aduḃairt Seáan leis féin gurḃ ait an rud coifín do ḃeiṫ ar an dteinteán aige agus gan fios aige cad do ḃí innte. Do ṫóg sé an clár di agus cad do ḃeaḋ ann aċt fear marḃ.

"Atá tú innsin duit féin," arsa Seán, "agus is dóċa go ḃfuil fuaċt ort; is fearr ḋam tú do ṫógḃáil agus tú do ċur leis an teine agus tú do ṫeiḋeaṁ [ṫéiḋeaḋ]."

Doriġne agus i mbasa ní raiḃ aon teas ag teaċt ann. Aduḃairt sé innsin go mbaḋ ḟearr ḋó é do ċur insan leabaiḋ leaṫ istiġ de féin. Doriġne agus do luiġ sé féin leaṫ is amuiġ ḋe. Ba ġairid do ḃíodar ann nuair ḋo baineaḋ greim as a ġualainn.

"Fan socair innsin," arsa Seáan "nó an fonn atá ort mé d’iṫe, dá ḟeaḃas ḃí mé ḋuit?"

Ba ġairid gur ḃaineaḋ an tarna [tara] greim as.

"Bí amuiġ as an leabaiḋ anois," arsa Seán, "nuair ná fanfá socair agus tú féin d’iomċur."

"Ní baoġal duit mé, a Ṡeáain," arsa an fear, "is tú fear is fearr ṫáinig innso le fiċe bliaḋain. Mise aṫair ḟir an tiġe seo agus do marḃaḋ mé gan ḟios dó agus cuireaḋ fá ḃun an ċrainn ṁóir atá insa ngáirdín mé. Abair leis mo ċnáṁa do ṫógḃáil agus iad do ċur insan reilig agus cúpla aifreann do ċur liom. Doġeóḃa sé feircín óir fá ċois a leabṫan ḟéin agus ceann eile ag a ceann; bíoḋ feircín agat-sa agus ceann eile aige féin, agus ní ċuirfead-sa aon spiaċ ar aoinneaċ go deóiḋ arís. Slán agat, a Ṡeáain," ar sé sin ag imṫeaċt leis.

Níor ṫrom-suan do ḟear an tiġe an oiḋċe sin, agus ċoṁ luaṫ is d’éiriġ sé ar maidin doċuaiḋ sé agus d’ḟiarfaiġ sé de Ṡeáan an raiḃ sé beó. "Atáim,"