Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

53

an-lug-ar-an-lag aici agus ní ḟeadair sí cad do ḋéanfaḋ sí mar ná raiḃ a ḟios ag a fear aon rud mar ġeall air. Sé an rud do ċeap sí ná a máṫair do ṫarraing amaċ as agus í do ṡíneaḋ ar an leabṫain agus leigint [léigean] uirre gur bás obann fuair sí. Do ċuaiḋ sí amaċ agus do ġlaoiḋ sí ar a fear agus aduḃairt leis go raiḃ a máṫair tar éis ḃáis agus ná feadair sí cad ḋéanfaḋ sí. “Ó a ċlaḋaire,” ar seisean, “caidé an ċúis nár ġlaoḋ tú orm fadó go raġainn fá ḋéin an t-sagairt?” “Do ḃí sí imṫiġṫe,” ar sísin, “fé [sul] ḃfaca mé í.” Do ġlaoḋadar isteaċ annsin ar na coṁursanaiḃ agus d’ṡocruiġeadar í mar ba ċeart ċum í do ṫórraṁ.

Do ḃí bean uasal ar an mbaile agus gaċ aon ḃaintreaḃaċ do-ġeoḃaḋ bás ċaiṫfeaḋ sí féin cóir tórraiṁ do ċur orra, mar ba é nós ḃí aici é. Do ċuir sí uirre seo ċoṁ maiṫ é, mar do ḃí an-ṁeas aici uirre. Agus an oiḋċe tar éis í do ċur aduḃairt an stracaire leis an ḃfear boċt gur mór an feall na héadaiġe breáġa ḃí uirre do ḃeiṫ ag dreoġaḋ sa ċré agus an ṗráinn [gáḃaḋ] ḃí ag a ṗáistíḃ sin leo, agus “b’ḟearr ḋúinn dul agus í do ṫógḃaíl agus iad do ḃaint dí.” “Ó a ṁic ó,” arsa an fear boċt, “ní ḋéanfainn ar mo ċeanna.” “Riaḃal mise ṁaiseaḋ,” ar seisean, “go gcaiṫfiḋ tú teaċt gan buiḋeaċas duit.” D’imṫiġeadar leo agus do ṫógadar í. “Seo,” arsa an stracaire, “tóg leat na héadaiġe seo agus tógfad-sa liom í féin.” “Ó, caidé an gnó atá agat dí féin, gibé mar ḋéanann na héadaiġe?” “Is cuma ḋuit,” ar seisean, “aċt déan mo ċoṁairle.” Ṫug sé leis í go dtí a teaċ féin agus do ċuaiḋ sé go dtí teaċ na muc agus do ṁarḃ a raiḃ de ṁucaiḃ ann. Do ċuir sé an sgian i láiṁ na sean-ċailliġe agus isteaċ i sgórnaiġ ceann de na mucaiḃ agus d’ḟág sé annsin iad.

Nuair d’éiriġ an cailín ar maidin agus ċuaiḋ ag frioṫáileaṁ na muc ṫáinig scannraḋ uirre agus do