Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

45

ċum dóġaḋ agus losgaḋ biṫeaṁnaiġ ṁairḃ ar ḃain liom riaṁ, é féin agus a ṁuinntear.’ Nuair do ṡíl sé ḃeiṫ ag dul fá mo ḋéin i n-áirde go dtí an seanċúil, do ḃí mé i mo ṡeasaṁ ar lár na fear ċeárdċan ós a ċoinne amaċ. Do rinneamar ar a ċéile mar do ḋéanfaḋ dá leoṁan buile, nó dá ṁadra carnaoile. Do ḋéanfaimís ball bog de an mball cruaiḋ, agus ball cruaiḋ de an mball bog. Do ṫarraingeóċaimís tobair fíor-uisge tré ċroiḋe na gcloċ nglas le foiréigean uilc agus urċóide ċum a ċéile go dtí ar ṫeaċt an tráṫnóna agus an sean-ġaḃa ag dul tríom. Annsin do laḃair an buaċaill gaḃann, agus aduḃairt sé liom: ‘Is mór an seó liom,’ arsa sé, ‘gaisgiḋeaċ ċoṁ deallraḋṫaċ leat gurab é an sean-duine mí-áḋṁaraċ sin atá ag taḃairt do ḋóṫain le déanaṁ duit. Croṫ suas tú féin,’ arsa sé, ‘agus is fada liom atá tú ag gaḃáil dó.’ Le linn agus an buaċaill gaḃann ag laḃairt do ḃí an sean-ġaḃa ar cnáṁ a ċúil agam, agus do ḃaineas an ceann dé ar an áit sin. D’imṫiġeas amaċ annsin agus an dream a raiḃ na fagóidí aca ċum ḃeiṫ do mo ḋóġaḋ agus do mo losgaḋ do ṁarḃ mé gaċ aoinne riaṁ aca. Ṫáinig mé ṫar n-ais isteaċ go dtí an buaċaill gaḃann agus d’ḟiafruiġeas dé an raiḃ aon ġreim aige d’íosainn. ‘Atá do ḋóṫain,’ arsa an buaċaill gaḃann. Do ṡuiḋeamar i ḃfoċair a ċéile agus do ċaiṫeamar ár ndínnéar, mé féin agus an buaċaill gaḃann.

“Ní raiḃ díreaċ aċt ár ndínnéar caiṫte againn nuair do ḃí an áit lán isteaċ de ḋaoiniḃ. D’imṫiġeas fá n-a ndéin agus ní ḟeadar caidé a ċúis iad, aċt do ḋruideas ċúċa agus do ṁarḃ mé gaċ aoinne riaṁ aca go dtí aon ḟear aṁáin. Aduḃairt an fear sin liom gan é féin do ṁarḃaḋ, agus go n-inneosaḋ sé ḋam cad ṫug sa tsliġiḋ é.

“‘Cad ṫug sa tsliġiḋ siḃ?’ arsa mise.

“‘A Illinn Iolċroṫaiġ,’ arsa se, ‘do fuadaḋ inġean an Ríoġ, agus do ċuir sé sinn-ne, tré an náisiún ag féaċaint a mb’ḟéidir í d’ḟaġḃáil.’