Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

42

gcoiṁéadfaḋ sé Illionn Iolċroṫaċ in a ḋúiseaċt an oiḋċe sin go mbeaḋ Fianna Éireann go léir marḃ aige ar an dá ḃuille [uair] ḋéag dar [lá ar] n-a ḃáraċ. Do laḃair Fionn, agus aduḃairt sé le Fearġus Ḃéil Ḃinn dul fá ḋéin Illinn Iolċroṫaiġ agus caint agus seanċas do ċoiṁéad leis ar feaḋ na hoiḋċe. “Ní raġaiḋ mé go deiṁin,” arsa Fearġus Ḃéil Ḃínn, “aċt téiḋir féin ann mar is tú is fearr atá in a ṫaiṫiġe ṫar éis an lae.” Fuair Fionn Mac Cuṁaill i gcóir é féin annsin agus ṫug sé leis corn leanna agus d’ḟiafraiġ sé ḋé an raiḃ sé in a ċodlaḋ. Do laḃair Illionn Iolċroṫaċ agus aduḃairt: “atá mé i mo luiġe agus níl mé i mo ċodlaḋ.” “Atá laoċas mór déanta agat,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “agus is dóċa go ḃfuil tart ort. Éiriġ agus tóg an deoċ so.”

“Sé do ḃeaṫa-sa, a Ḟinn Ṁac Cuṁaill,” arsa sé, “agus ní raiḃ mé riaṁ in a ṗráinn níos mó.” D’ól sé siar an corn diġe do aon deoċ aṁáin. Aduḃairt Fionn Mac Cuṁaill leis, má sí Éire ḃí uaiḋ fá árd-ċíos a ċlaiḋiṁ agus a sgéiṫe go dtaḃarfaḋ sé dó í ar maidin i mbáraċ gan pléiḋe gan aiġneas, “aċt go ngeallfaiḋ tú dúinn go ḃfanfaiḋ tú in ár ḃfoċair.”

“Maiṫ an fear, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill. Sin a ḃfuil uaim. Níl aon rud is fearr ná an réiḋteaċ.”

“Atá má ag cur ceiste ort,” arsa Fionn Mac Cuṁaill. “Cad as duit, nó cia ar díoḃ tú? Is dóċa go ḃfuil laoċas mór déanta agus sé [sul] ar ḃuail té féin-sa.”

“A Ḟinn Ṁic Cuṁaill,” arsa sé, “ó ċuir tú an ċeist orm, sé an áit an ab as daṁ-sa nó ó ríoġaċt na ḃfear mór. Aċt in Éirinn do marḃaḋ mo aṫair agus ar ḃain liom riaṁ. Do ḃí duine agus fiċe dearḃráṫair agam agus mé féin an duine ba luġa díoḃ. Do ḃídís ag imṫeaċt gaċ aon lá agus ní ḟeadar mé cá mbídís ag dul. Ní raiḃ aon ṁeas aca