Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

36

eile de an ċuairt í, agus do rinne sé an obair sin léiṫe naoi n-uaire. Do leag sé an ḃró ar an áit ċéadna [in] a ḃfuair sé í.

Ṫáinig sé go dtí bean-tiġe Ḟinn Ṁac Cuṁaill arís agus d’ḟiafruiġ sé ḋí, caidé an dara gaisge ḋéanann Fianna Éireann. Aduḃairt sí sin leis gurab é an ċuairt d’iompóḋ i gcoinne na síne in gaċ aon taoḃ is maiṫ leo. D’imṫiġ sé fá ḋéin na cuairte. An ċéad iarraċt ní ḟuair sé í do ṫógaint [ṫógḃáil] agus an dara iarraċt ní ḟuair sé í do ṫógaint [ṫógḃáil], an tríoṁaḋ hiarraċt d’iompuiġ sé i gcoinne na síne í in gaċ aon taoḃ baḋ ṁaiṫ leis. Ṫáinig sé go dtí bean-tiġe Ḟinn Ṁic Cuṁaill, arís, agus d’fiafraiġ sé ḋí caidé an sórt aráin é siúd ṫug sí ḋó le n-iṫe.

“Caidé an ċúis a ḃfuil tú dá ḟiafraiġe ḋíom?” aduḃairt an ḃean leis.

“Mar atá a ḃfuil d’ḟiaclaiḃ i mo ċeann briste i n-a mblúireaċaiḃ ag do ċuid aráin.”

“Is mór an t-iongnaḋ liom,” arsa an ḃean, “fear ċoṁ garḃ, ċoṁ láidir leat go mbeiṫeá ag gearán ar an arán ná raiḃ leaṫ-ḃácálṫa agam.”

“A ḃean,” arsa sé, “atá tú ag cur iongantais ṁóir orm. Agus an iṫeann Fianna Éireann arán ċoṁ cruaiḋ leis?”

“Iṫid agus níos cruaḋa, mar aduḃairt mé ċeana leat ná raiḃ sé bácálṫa agam.”

“Is uaṫḃásaċ na fiacla atá aca,” arsa sé, “agus caidé an saġas é an leanḃ atá sa ċliaḃán agat?”

“Ó atá leinḃín seaċt míos ann, agus an t-arán céadna iṫeann sé.”

“An leigfeá ḋam,” arsa sé, “mo ṁéara do ċur i n-a ḃéal go mbeaḋ a ḟios agam caidé an sórt fiacla atá aige?”

“Ná bac leis,” arsa sí, “agus ná dúisiġ mo leanḃ.”

“Go deiṁin,” arsa sé, “a ḃean-tiġe Ḟinn Ṁic