Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

34

sé amaċ annsin, agus nuair do-ċonnaic sé an fionna-ċruṫ ḃí an Illionn Iolċroṫaċ do ċrioṫ sé ó n-a ḃonn go dtí a ḃárr. D’ḟiafruiġ sé ḋé cad do ḃí uaiḋ. “Atá,” arsa sé, “an náisiún do ṫógaint [ṫógḃáil] uait le toraḋ claiḋiṁ.” “Taḃarfaiḋ mise mo ċuid féin duit gan bruiḋean ná aċrann, aċt dá raġṫá go dtí Fionn Mac Cuṁaill, sé an fear é ṡeacóċaiḋ caṫ agus cruaiḋ-ċoṁrac leat.” “Agus naċ tusa Fionn Mac Cuṁaill?” “Ní mé ċeana,” arsa Rí Cormac, “aċt fear boċt atá fá árd-ċíos ag Fionn Mac Cuṁaill a dtugtar Rí Cormac air.” “Gaḃaim-se bog agus briaṫar orm féin gan greim bíḋ d’iṫe ná deoċ d’ól as aon ċorn go raġaiḋ mé fá ḋéin Ḟinn Ṁic Cuṁaill. Is dóċa gurab é ṫeagṁaiḋ liom ag cuan Ḃinn Éadair.” D’imṫiġ sé leis ṫar n-ais. Ṫugaḋ sé cnoc de léim agus gleann de ṫrioslóg, agus sin é mar ċoṁairiġeaḋ sé coisiḋeaċt an lae sin agus ċuaiḋ sé ṫar an-ais ag triall ar Ḟionn Mac Cuṁaill.

Nuair do-ċonnaic Fionn Mac Ċumaill ag teaċt é, do ċrioṫ sé ó n-a ḃonn go dtí a ḃárr, agus d’imṫiġ sé ó ċuan Ḃinn Éadair a ḃaile go dtí a ċuairt féineaċ, agus aduḃairt sé le n-a ḃean tiġe go raiḃ gaisgiḋeaċ uaṫḃásaċ ag teaċt ag triall ar an gcuairt, agus “ná cuir aon ṗioc suime ann nuair ṫiocfaiḋ sé isteaċ ċuġat. Sé an ċéad rud iarrfaiḋ sé ná a ḋínnéar, agus bácáil an ġreideall atá annsin agus a mbácáltar uirre dóṫáin seaċt gcaṫ na gnáṫ-ḟéinne. Bácáil an t-arán ar gaċ taoḃ de an ngreideall, agus taḃair dó le n-iṫe é idir arán agus greideall. Raġaiḋ mise isteaċ sa ċliaḃán atá annso. Nuair ḟiafróċaiḋ sé ḋíot cad é an sórt leinḃ atá sa ċliaḃán, abair gur páistín seaċt míos é. Nuair íosaiḋ sé an ġreideall fiafróċaiḋ sé ḋíot caidé an ġaisge ḋéanann Fianna Éireann tar éis a ndínnéir, abair leis gurab é an ḃró ṁuilinn atá amuiġ annsin do ċaiṫeaṁ naoi n-uaire ṫar an