Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

27

“Ṫá, ṫá, ṫá,” do ḋéarfaḋ duine aca. Do ḃeaḋ áit aca ar a dtaḃarfaidís an ċúirt. Do ḃeaḋ gaċ aoinne d’iarraiḋ teaċt go dtí an ċúirt fé [sul] mbéarfaḋ an fiagaiḋe air.

An té a mbéarfaḋ sé air, do ċaiṫfeaḋ seisean ḃeiṫ in a ḟiagaiḋe annsin. Do leanfaidís mar sin go mbeidís corṫa.


XIV.

COILIĊÍN COC

Do raġaḋ gasraḋ leanḃ i ndiaiḋ a ċéile, agus do ḃearfaidis ar rocaidiḃ a ċéile. Do ḃeaḋ an té baḋ ṁó aca i dtosaċ. Ṫaḃarfaiḋe an t-sean-ċearc uirri. Do ḃeaḋ duine eile annsin ná beaḋ ar an slaḃraḋ. Ṫaḃarfaiḋe coiliċín coc uirre. Do ṫaḃarfaḋ an t-sean-ċearc agus an coilliċín dá ainm orra féin i gan ḟios do an ċuid eile. Cuir i gcás go dtaḃarfaḋ an t-sean-ċearc Muiris uirri féin, agus do dtabarfaḋ an coiliċín Eiḃlís air féin. Do ṫiocfaḋ seisean agus broḋ tuiġe aige mara ṗíopa. Do ṫaḃarfaḋ sé gal do an t-sean-ċearc. Do ṫaḃarfaḋ sísin do an sicín baḋ ġiorra dí, mar is iad sin an lín beaḋ aici. Do ġeoḃaḋ gaċ aoinne gal as an bpíopa. Nuair ṫiocfaḋ sé go dtí an duine baḋ ṡia fiar, do ċaiṫfeaḋ seisean uaiḋ é. Do raġaḋ an coileaċ annsin d’iarraiḋ a ṗíopa ar an t-sean-ċearc. Do ḋéarfaḋ sí gur ṫug sí gal dé dá sicíniḃ ar fad. D’fiafróċaḋ sé annsin de an ċeann deiriḋ, cá raiḃ a ṗíopa, do ḋéarfaḋ sísin gur ċaiṫ sí uaiṫe ar an dtalaṁ é. Do ċromfaḋ seisean dá lorg. Mara ḃfuiġeaḋ sé é, do ḋéarfaḋ sé go gcaiṫfeaḋ sé sicín d’ḟaġḃáil in a áit, agus sásaṁ éigin do ḃeiṫ aige mar ġeall ar a ṗíopa. Do ḋéarfaḋ an t-sean-ċearc leis na sicíníḃ aireaċas maiṫ do ṫaḃairt dóib féin. Do ḃeaḋ sé ag