Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

25


XII.

SEÁN DEARG

Uilliam Ṫaḋg.—Mise Seán Dearg. Fear pingne tusa, a Ṡéamais, ó’s tusa is giorra ḋam. Fear ḋá pinginn ṫusa, a Ḋoġair. Fear trí pingne ṫusa, a Ċaḋla. Fear tuistiún [teastún] ṫusa, a Nants. Fear ċúig ṗingne ṫusa, a Nóra. Fear réalaiġe [réalaċ] tusa, a Ṁáire. Cuiṁniġiḋ go léir ar ḃúr n-ainm anois. Aoinne mbeiḋ a ainm ráiḋte trí huaire, beiḋ paiste súġa air. “Mise Seán Dearg ó Ċarraig an Aonaiġ, atá ag díol mo ċuid anairte le fear trí pingne, fear trí pingne, fear trí pingne.”

Caḋla.—Cad atá oraiḃ ag gáire?

Uilliam Ṫaḋg.—Mar is fear trí pingne ṫusa, agus nuair nár ṫug tú freagra, beiḋ paiste ort. Taḃair ċuġam an sliogán a ḃfuil an súġa air, go gcuirfiḋ mé paiste ar a éadan so.

Caḋla.—Ní beag dam mo ḋonaċt gan súġa do ċur orm. Cad é an freagra do ṫaḃarfainn?

Uilliam Ṫaḋ.—Aireóċaiḋ tú anois ag daoiniḃ eile é. Tosnóċaiḋ mé arís leis. “Mise Seán Dearg, ó Ċarraig an Aonaiġ, atá ag díol mo ċuid anairte le fear ḋá ṗinginn, fear ḋá ṗinginn——.”

Doġar.—Mise, ro-ṁúirnín?

Uilliam Ṫaḋg.—Tusa, ro-ṁúirnín.

Doġair.—Ṫugais t’eiṫeaċ, ró-ṁúirnín?

Uilliam Ṫaḋg.—Cad eile, ro-ṁúirnín?

Doġair.—Fear pingne, fear pingne, fear pingne—atá paiste ort, a Ṡéamais.

Seumas.—Do ḃí mo ċluas in áirde agus do ṡíl mé naċ í m’ainm ġlaoḋaḋ.

Uilliam Ṫaḋg.—Taḃair aireaċas duit féin feasta. “Mise Seán Dearg ó Ċarraig an Aonaiġ, atá ag díol mó ċuid anairte le fear tuistiún——.”

Nants.—Mise, ro-ṁúirnín?