Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
3
CATILÍNA

beó ná marḃ orṫu. Deirim le fírinne, gur b’é duine atá beó, agus a ṁoṫuiġean a ḃeaṫa, ná an t-é atá sáiḋte i n-obair éigin agus atá ag déanaṁ a ḋíṫil ċun clú ċur i n-áiriġṫe ḋó féin le gníoṁ uasal nú le h-ealaḋain ḟóġanta. Táid na n-oibreaċa le déanaṁ iomadaṁail, aċ cuirfiḋ a nádúr féin duine ar obair agus duine eile ar obair eile.


III. Is álainn an rud gníoṁarṫa maiṫe a ḋéanaṁ do’n stát. Agus ní h-olc an rud i n-aon ċor laḃairt go maiṫ do’n stát. I n-am síoṫċána nú i n-am cogaiḋ ní’l bac ar ḋuine clú do ṫuilleaṁ. Tugtar molaḋ do luċt gníoṁ a ḋéanaṁ, agus moltar, leis, a lán de luċt na ngníoṁ do ċur síos i sgríḃinn. Agus, bíoḋ náċ mar a ċéile clú an sgríḃneóra agus clú an t-é a ḋein na gníoṁarṫa, is gnó ana ḋeacair, dar liom-sa, gníoṁarṫa do sgrí’ síos. Ní foláir, ar dtúis, an ċainnt agus na gníoṁarṫa ḃeiṫ do réir a ċéile. Ansan, má ċáinean tú droċ ġníoṁarṫa déarfar go minic gur le droċ aigne agus le formad a ḋeinis é. Nuair a neósfir deaġ ṫréiṫe agus árd ċlú na laoċ ḃfóġanta creidfiḋ gaċ aoinne na neiṫe is dóiċ leis a ḋ’ḟéadfaḋ sé féin a ḋéanaṁ. An rud ná féadfaḋ sé féin a ḋéanaṁ déarfiḋ sé gur bréag ḋuit é.

I dtusaċ bára, nuair a ḃíos am ġiola ḃeag óg, ḃí greann mór agam ar an maiṫ ṗoibiliḋe, ar nós a lán daoine, agus is mó rud a ḃí ag cur am’ ċoinniḃ sa níḋ sin. Mar, i n-inead maorḋaċta is mínáire a ḃí le fáġail; i n-inead na measarḋaċta ḃí rabairne; i n-inead na macántaċta ḃí an tsainnt. Agus bíoḋ go raiḃ gráin ag m‘ aigne