Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
67
CATILÍNA

asta san na taoiseaċa céad go Léir, agus na saiġdiúirí singiLe dob ḟearr arin, agus ċuir sé sa Líne ṫosaiġ iad. Ċuir sé C. Manlius ar láiṁ ḋeis an ċaṫa agus faesuLánaċ éigin ar an. láiṁ ċlé. Do ṡeasaiṁ sé féin, ameasg na saor-ógláċ agus na n-áitreaḃaċ, i n-aice an ḟiolair aduḃraḋ a ḃí ag Cáius márius n-a ṡluaġ i gcogaḋ na gCimbraċ.

Ar an dtaoḃ eile, níor ḃ’ḟéidir do Ċáius Antónius DUL sa ċaṫ toisg é ḃeiṫ bacaċ, agus ċuir sé a ṫánaiste, M. Petreius, i n’ ḟear cinn riain ar an sluaġ. Ċiiir sé sin ar tosaċ na cóhoirt ċruaḋa a Ċruinniġ sé ċun an ċogaiḋ sin, agus ċuir sé laistiar díoḃ san an ċuid eile de’n tsluaġ, ċun caḃarṫa. Ċuaiḋ sé féin mórṫímPaL eatarṫa, ar muin eiĊ, agus é ag laḃairt leó agus ’ġá nglaoḋaċ as a n-ainimneaċaiḃ agus ’ġá ngríosaḋ ċun an ċaṫa, ’ġá iarraiḋ orṫa a ċimeád 'n-a n-aigne gur i n-aġaiḋ sLuaġ biṫeaṁnaċ gan arm a ḃí troid acu Le déanaṁ, agus gur ar son a n-aṫarḋa, ar son a chainne, ar son a ndéiṫe, ar son a dtinteán féin, a ḃí an troid sin le déanaṁ acu. Fear saiġdiúrṫa ab eaḋ é. Ḃí breis agus deiċ mbliana fiċead caiṫte aige idir ḃeiṫ 'n-a ṫribiún nú ’ii-a ṗraefect, nú ’n-a ṫánaiste, nú n-a ṗraetóir, agus ḃí árd ċLú fáġaLta aige in sna postaiḃ sin. Ḃí aiṫne ar ḟorṁór na ḃfear agus ar na gníoṁarṫaiḃ cróḋa a ḃí déanta acu, agus ḃí sé ’ġá gcur i gcuiṁne ḋóiḃ agus ’ġá ngríosaḋ leó.

LX. Nuair a ḃí a ṡúil leogaiṫe aige ar gaċ aon rud ag Petreius, d’órduiġ sé an trúmpa do ṡéide, agus duḃairt sé leis na cóhoirt dul ar agam go reiḋ. Ḋein an naṁaid an rud céadna.