Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CATILÍNA S! gárdaí fé arm, i láṫair na h-uaire seo, tré aireaċas an Ċonsuil uasail oirḋeirc atá againn. I dtaoḃ pionóis is feidir dúinn tráċt ar cad tá ann. I mbrón agus i n-anacra na beaṫa so ní pionós an bás. Suaineas iseaḋ é. Cuirean sé deire le n-a ḃfuil le folag ag an nduine. Ní’l buairt ná áṫas Le beiṫ ’n-a ḋiaiḋ. D’á ḃríġ sin, i n-ainim na ndéiṫe síoruiḋe, cad n-a ṫaoḃ ná duḃraís gur ċeart iad do sgiúrsáil ar dtúis Gsar a gcurfí cun báis iad,? An tré ḋliġe Ṗorcíus ná duḃraís é ? Aċ táid na dliġṫe eile ann agus órduiġid siad gan Róṁánaċ do ċur ċun báis aċ é ḋíbirt. An aṁlaiḋ a ṁeasais gur ḋeine sgiúrsáil ’ná bás? Aċ cad ḟéadfaḋ a ḃeiṫ ró ċruaiḋ ná ró ḋian ar ḋaoiniḃ atá daor i n-a leiṫéid de ċoir? Nú an measan tú gur deine bás ? Má ’seaḋ cad a ḃeir eagla na dliġe ort i dtaoḃ an ṗionóis ḃig agus tú ag brise na dliġe leis an bpionós mór? “ Aċ cé ġeóḃaiḋ loċt ar aon ḃreiṫ a taḃarfar ar luċt fionġaiLe do ḋéanaṁ ar an stát ? An t-am, an lá, an t-áḋ, n-a ḃfuil gaċ slioċt do réir a ṫoile. pe rud a ḋ’imṫeó’iḋ orṫa súd tá sé tuiLLte acu ; aċ siḃ-se, a Uaisle na Seanaide, breiṫniġiḋ cad a ḃeaḋ agaiḃ ’á ċur i ḃfeiḋm ar ḋaoiniḃ EILE b’ḟéidir. Gaċ droċ ġnó d’á ndeintear is a’ gnó fóġanta éigin a ḋ’ḟásan sé ar dtúis. Mar seo; nuair a ġaḃaid daoine gan eólus, nú daoine náċ fóġanta, forláṁas, .curtar an gnó nua a’ láiṁ an ḟir ḟóġanta, a ḋéanfaḋ sa ċeart é, ar láiṁ an droċ ḋuine a ḋéanfiḋ go h-eugcórṫa é. Nuair a ċuir muinntir Lacedémon na h-Aténiġ fé n-a smaċt do ċeapadar deiċ feara fiċid ċun an stáit do