Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CATI LÍNA AS an ċaoi. B’ḟearr leó an rud a ḃeaḋ creideaṁnaċ dóiḃ féin a ḋéanaṁ ’ná an rud a ḃeaḋ tuillte le ceart acu súd. “ Ní mór daoiḃ-se, leis, feuċaint ċuige seo, a Uaisle na Seanaide, ná cuirfiḋ siḃ níos mó suime sa ċoir atá déanta ag P. Lentulus agus ag an gcuid eile acu ná mar a ċuirfiḋ siḃ i nḃúr gcreideaṁaint féin; nú, ná beiḋ sé le ráḋ gur mó agaiḃ ḃúr ḃfearg ’ná ḃúr gclú. Óir má ’s féidir pionós a ḋ’ḟáġail dóiḃ a ḃeiḋ dian a ḋóṫain d’á ngiiíoṁarṫaiḃ, deintear cóṁairle nua ċuige. Aċ má’s rud é go sáruiġean ólcas a ngníoṁarṫa tuisgint gaċ aon duine measaim-se náċ foláir úsáid a ḋéanaṁ de sna pionósaiḃ atá ceapaiṫe sa dliġe. Na fir a ṫug a mbreiṫ róṁam do laḃair a lán acu go cliste agus go h-oirḋeirc ar an íde a ḃí ag teaċt ar an stát. D’áiriġdar dúinn an ġráinneaṁlaċt a ḃeaḋ sa ċogaḋ san ; an cor a ḃeaḋ ar na daoine n-a mbeaḋ buaiḋte orṫa; an t-éigean ar ógaiḃ;an ċlann d’á stracaḋ a láṁaiḃ a muinntear; na máiṫreaċa ag folag gaċ ní ba ṫoil leis an aicme ḃeaḋ i n-uaċtar; teampuil agus tiġṫe d’á sgartáil ; murdal agus losgaḋ ins gaċ aon ḃall ; gaċ aon ḃall lán d’arm agus d’ḟuil agus de ġol agus de ċorpaiḃ daoine. Aċ, i n-ainim na ndéiṫe síoruiḋe, cad é an bun a ḃí leis an gcainnt sin ? An aṁlaiḋ a measaḋ ḃúr ḃfearg-sa do lasaḋ i gcoinniḃ na cóṁċeilge? Ċóṁ maiṫ agus go ḃféadfaḋ cainnt gríosaḋ ḋéanaṁ ar ḋuine ná déanfaḋ an ní uaṫḃásaċ, danarṫa, féin gríosaḋ air! Ní’l san aṁlaiḋ. Ní baoġal go measan aon duine beó gur rud suaraċ an eugcóir a deintear air féin. -An eugcóir sin a