Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

catilma ú tseanaid, agus a dtuarastal ’á ṫaḃairt do sna h-Allbrógaiḃ agus do Ṫítus Volturcius, nuair a fuaraḋ gur ḃ’ḟíor an t-eólus a ṫugadar uaṫa ḃí saor-ógláiġ Lentuluis agus rainnt ḃeag d’á luċt leanaṁna ag imṫeaĊt ameasg na gceárdaiḋṫe agus na ndaor ’ġá iarraiḋ orṫa teaċt agus é ḋ’ḟuasgailt, agus ḃí cuid acu ag Lorg na ḃfear cinn riain a ḃíoḋ ar na sloigisgíḃ a ḃíoḋ i gcóṁnuiġe ag cur an stáit tré n-a ċéile ar ṫuarastal. Agus ḃí Cetégus ag cur teaĊ- tairí ag triall ar a ṁuinntir agus ar a saor- ÓGLáĊAIḂ ’ġá ngríosaḋ agus ’ġá iarraiḋ orṫa teaċt i n-aon ḃuiḋin aṁáin armṫa agus brise ċuige isteaĊ. Nuair airiġ an Consul an obair sin a ḃeiṫ ar siuḃal do riar sé na gárdaí fé mar a Ċonaic sé gáḋ leó. Ansan do ċruinniġ sé an tseanaid agus ċuir sé ċuċa an ċeist, cad ba ċóir a ḋéanaṁ leis an muinntir a ḃí fé Ċimeád. Aċ ḃí seanaid líonṁar, tamal beag roimis sin, tar éis na breiṫe ṫaḃairt go raiḃ coir i n-aġaiḋ an stáit déanta acu. Do glaoḋaḋ an uair sin ar Ḋ. Iúiiius Silánus ar dtúis ċun a ḃreiṫe ṫaḃairt, mar ḃí sé ainim- mġṫe do’n ĊonsulaĊt. Is í breiṫ a ṫug sé ’ná gur ċeart pionós a ḋ’imirt ar an muinntir a ḃí fé Ċimeád, agus ar L. Cassius, leis, agus ar Fúrius agus ar Umbrenus agus ar Annius, dá mbéarfí orṫa. Duḃairt sé, n-a ḋiaiḋ san go n-aontóċaḋ sé le breiṫ Ṫibérius Néró, mar gur aṫaruiġ cainnt Ċaius Caesar a aigne. B’í breiṫ í sin ’ná na gárdaí do ṁéadú agus an ní do ṫaḃairt os cóṁair na seanaide. Aċ nuair a tánaṫas go dtí Caesar agus do h-iarraḋ air