Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

SS CATI Lí na iad isteaċ i dtiġ Ḃrútus ná raiḃ aḃfad ó’n ḃfórum, agus ná raiḃ gan eóLus ar an gceiLg, tré Ṡempróiiia. Ní raiḃ Brútus féin sa ḃaiLe an uair ċéadna. Do ċuir Umbrenus fios ar Ġabinius i dtreó go mbeaḋ breis iontaoiḃe as an gcainnt a ḃí Le ráḋ aige. ansan do noċt sé an ċeiLg dóiḃ. D’amimniġ sé na cóṁaLtaí. D’ainimniġ sé a lán, de gaċ cineál, a ḃí saor ar an gceiLg, ċun breis coráiste ċur ar na teaċt- airíḃ. Ansan, nuair a ġeaLLadar-san a gcong- naṁ féin, do ċuir sé uaiḋ iad. !LL Aċ ḃí na h-AlLobróga aḃfad i gcás ’dir ḋá ċóṁairle i dtaoḃ cad ba ṁaiṫ ḋóiḃ a ḋéanaṁ. Ḃí ar ṫaoḃ, na fiaċa, a ndúil i gcogaḋ, an tairḃṫe mór a ṫiocfaḋ as an mbuaḋ Le n-a raiḃ súil acu. Ḃí ar an dtaoḃ eiLe, an ḃreis ṡaiḋḃris, an ḃeart ṡiúráLta, an tairḃṫe n-a raiḃ deiṁne air i n-inead an tairḃṫe ná raiḃ deiṁne air. Ḃíodar ag cur ’s ag cúiteaṁ. Fé ḋeire do rug séan na Róṁa an buaḋ. Do noĊt- adar an gnó go Léir do Ouintus Fabius Sanga, fear a ḋeineaḋ comairce go minic d’á gcaṫair. D’innis Sanga an sgéal do Ċiceró. Duḃairt Ciceró leis na teaċtairíḃ a Leogaint orṫa go raiḃ ana ḃáig acu Leis an gceiLg; aiṫne ċur ar an gcuid eiLe acu; geaLLaṁiia maiṫe ṫaḃairt dóiḃ; díṫeal a ḋéanaṁ ar iad.a ḃeiṫ ċóṁ foiLéir sa ċoir acn agus dob ḟéidir é. !AÁL Le Linn na h-aimsire céadna, náċ mór, ḃí buaireaṁ i nGallia i ḃfogus agus i nGaLLia i gcéin, agus i dtír Ṗicénum, agus ameasg na mBruttií, agus i n-Apulia. IIIar, na daoine a ḃí curṫa ċun siuḃaiL uaiḋ ag CatiLína roimis sin is aṁLaiḋ a ḃíodar, gan ṁeaḃair gan ċoṁairle,