Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

N ee catiLí na lán eile, aċ éiṫeaċ a ceapaḋ mar ḃogaḋ ar an ḃfeirg a ṫáinig ag daoine do Ċiceró ’n-a ḋiaiḋ san nuair a cuireaḋ na cuirpṫiġ ċun báis, mar go ndéanfaḋ olcas a ngníoṁ luiġdú ar an dtruaġ a ḃeaḋ dóiḃ. Ní’l eolus, do réir a ṁéid, againne ar an níḋ sin. !OCUL Aċ ḃí sa cruinniú san Cúrius, fear nár ḃ’íseal dúċas, cuirpṫeaċ aiṫiseaċ, fear a cuireaḋ as an seanaid mar ġeall ar a droĊ iompar. Fear baoṫ ad eaḋ é, agus nior ṫreise ar a ḃaois ’ná ar a ḋánaċt. Ní ċimeádfaḋ sé rún ar an rud d’aireócaḋ sé na ní ċeilfaḋ sé a ḋroċ ḃearta féin. Ba ċuma leis an doṁan cad déarfaḋ sé ná cad a ḋéanfaḋ sé. Ḃí seana ċóṁluadar idir é agus bean uasal d’ár ḃ’ainim FULVIA. Ḃíoḋ sí stuacaċ leis iiuair ná bíoḋ airgead aige le taḃairt di. Ċrom sé go h-ohan agus go maoiḋteaċ ar na cnuic agus na faraigí do ġeaLLaṁaint di; ansan, ar an chaiḋeaṁ a ḃagairt uirṫi mara ndéanfaḋ sí rud air. Ḃíoḋ sé ’ġá cráḋ go mór seaċas mar ba ġnáṫ leis. Fuair sí amaċ cad fé ndeár an t-eiriġe anáirde a ḃí air. Ní baoġal gur ċeil sí an ċontaḃairt ’n-a raiḃ an stát. D’innis sí d’á lán cad a ḃí ar siuḃal ag CatiLína aċ do ċeil sí ainim a h-úġdair. Ċuir an níḊ sin, tar gaċ iiíḋ eiLe, dúil ṁór i n-aigne gaċ aoinne go dtaḃarfí an Ċonsulaċt oo Ṁarcus Tullius Ciceró. Ḃí a lán de sna h-uaisliḃ roimis sin, ar Lasaḋ Le diombáġ, ’ġá ráḋ gur ṫruailLiú ar an gConsulaċt í ṫaḃairt Dó san, pé oirḋearcas a ḃí ann, toisg gan é ḃeiṫ uasal ó n-a ṡínsear. Nuair a ṫáinig an baoġaL, áṁṫaċ, ċuaiḋ an DIombág agus an t-uaḃar ar gcúl.