Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
18
CATILÍNA

ró ṫarcuisneaċ, ró neaṁatruaġaċ, agus nár ḟéad na daoine iasaċta folag leis. Tá daoine eile adéarfaḋ gur ċáirde dílse do Ċn. Pompéius, le fada ḋ’aimsir roimis sin, na roidirí sin agus gur do ḋeóin ṗompéi a ṁar- ḃuiġdar Píso; nár ḋein na Sbáinniġ gníoṁ de’n tsórd san riaṁ roimis sin, bíoḋ gur ṁinic roimis sin a ḋ’ḟuiligeadar annsmaċt ḋian. Fágfam-ne an sgéal mar atá sé. Is leór an méid sin cúntais ar an gcéad ċeilg úd.

XX. Nuair a ḃí na daoine sin a duḃramair cruinniġṫe ag Catilína, bíoḋ go raiḃ sé tar éis mórán cainnte ḋéanaṁ le gaċ duine acu fé leiṫ, do ṫuig sé gur ḃ’é a ḃuac laḃairt leó go léir i n-aonḟeaċt agus iad do ġríosaḋ. Do rug sé leis iad go h-áit iargcúlaċ ’n-a ṫiġ agus tar éis gaċ fínné do ċur as an áit-do Laḃair sé Leó mar seo.

“Mara mbeaḋ gurb eól dom ḃur neart agus ḃur ndíLse ḃeaḋ caoi ṁaiṫ tagaiṫe i n-aistear; ḃeaḋ dóċas mór, forláṁas, i n-ár láṁaiḃ againn gan tairḃṫe: mar níor leór spadántaċt dóṁsa, ná an aigne ġuagaċ, ċun sgaraṁaint le deiṁin ar son neaṁḋeiṁne. Aċ ó fuaras siḃ-se cróḋa, dílis dom, ar a lán ócáidí móra, ḃear- tuiġeas am’ aigne go dána, taḃairt fé ġníoṁ ana ṁór ana uasaL, agus ṫuigeas, leis, pé leas nú aiṁleas a ḃéaḋ dóṁsa ann go mbeaḋ an rud céadna ḋíḃ-se ann, óir, an t-aon ṁian agus an t-aon ḟuaṫ a ḃeiṫ ag daoine, siné ḋeinean caradas daingean.

Aċ do ċualḃúir go léir ċeana, gaċ duine agaiḃ fé leiṫ, na neiṫe atá meaḃruiġṫe agam-sa. Aċ bíon m’aigne d’á gríosaḋ níos déine i n-aġaiḋ