Page:Caitlín Ní Uallaċáin (Tomás Ó Ceallaigh, 1905).djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CAITLÍN NÍ UALLAĊÁIN.

PEADAR—Caidé an ḟuaim í sin do ċluinnim?

PÁDRAIC—Ní ċluinnim-se dada. (Éisteann sé). ’Seaḋ, cluinnim anois í. Is cosṁail le gárṫaoil í. (Téiḋeann sé go dtí an ḟuinneóg ⁊ breaṫnuiġeann sé amaċ). Ní’l ḟios agam féin ’dé an ċúis gárṫaola atá aca. Ní ḟeicim éinneaċ.

PEADAR—Cluiċe iománaiḋeaċta atá aca, b’ḟéidir.

PÁDRAIC—Ní heaḋ muis’; ní’l aon iománaiḋeaċt indiu ann. Ní fuláir ná gur ṫíos ins an mbaile mór atá an gárṫaoil.

BRIĠID—Tá a spórt féin ag na buaċailliḃ, is dóiġ. (Le n-a fear). Gaḃ i leiṫ annso, a Ṗeadair, go ḃfeicfiḋ tú an ċulaiṫ ḃainse seo Mhiċil.

PEADAR—(Druideann sé anonn ċuig an bórd). Is breáṫ í mar ċulaiṫ gan bréig.

BRIĠID—Is beag baoġal a ḃí ort-sa culaiṫ mar í do ḃeiṫ agat i n-aġaiḋ do ṗósta, aċt gan cóta agat le haġaiḋ an Doṁnaig aċt an oiread le lá ar biṫ eile.