Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

FOCAL Ó'N ÚDAR

An dá shgiàl atá sa leourán so do cuireag a gló heana iad, an chiàd cheaun acù san Evening Telegraph agus an tara ceaun san Irish Independent, agus ba vian lium mo vächas a ghváil le muíntir an dá fáipér shin mar gheau er cead a húirt dom chun iad a chur a gló irísh. Táid shiad curha a n-eagar inish er nós na leour Frayingcishi agus Alamáinishi a góir na sgoileana: an gnáh-letiriú er häv agus an letiriú fourychda er a däv eli agus ceshdeana a neri an leouir chun cayinti a vuint as na macuiv léng. Tuigtear go mah inish gurab é louirt na Gäluingi an rod is mó a heasdyn ueng chun na teangan a chimeád ’na beahig, agus gur ceart airi húirt dos na fuemeana agus don vlas a dreo go lourhig na mic léng go breá blasda fé mar a lourhidísh dá vouluimídísh an Ghäluing ó’n a mâirheachuiv fén a geauntar Ngälach le ling a n-óigi. Is fédir lesh a múinteoir ceshdeana gramady agus ceshdeana eli a cheapa, agus an chayint atá sa leour a chasa chun nihi nó a vúini aishdi. D’iàdfí na línti 96 go dí 99, cuir a gás, a chur san ayimshir láirhig agus san ayimshir áshdinig chun na mriahar a chleachda; agus cayint díreach d’aharú go cayint nea-ghírig, nú a valuirt. Má dintear é shin, couróig an leourán beog so go muar le louirt na Gáluingi.