Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

24

eagla dho coruighe. Níor dhein sé ach a phaidreacha a rádh agus fanamhaint socair agus gan leogaint air go raibh aon droch amhras aige as fear an bhotháin. Tháinig seisean agus an rásúr aige agus faobhar álainn air. Nuair a sheasaimh sé i n-aice an bhúird do thuit an lug ar an lag ag an nduine uasal mbocht, ach ní raibh dul as ansan aige. Do chuir fear an tighe a lámh chlé ar cheann an fhir eile agus do thosanaigh sé ar a aghaidh a bhearradh. Do bhearr sé go hálainn é, agus do nigh sé é agus do thriomaigh sé é.

—Tá an obair déanta, ar seisean leis an nduine uasal, agus do ghlan sé an rásúr

—Tá, agus déanta go maith, arsan duine uasal agus é ag eirighe ó’n mbórd agus áthas air nár gearradh a scórnach. Do chuir sé a lámh ’na phóca agus thug sé leath-choróinn d’fhear an bhotháin

—Ar mhiste leat innsint dom anois, ar seisean, cad ’na thaobh nár dheinis ar dtúis é?

—Níor mhiste liom go deimhin, ar san fear eile, o’s rud é go bhfuil sé déanta. Is tu an chéad fhear beo do bhearras riamh.