Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

11

an clûv di, agus do ghlan shé í agus do chuir shé a n-oyn í chun í rósda.

Níor v’ada go roiv baluihi breá na lachan er fued a tí agus lasmúh den tig. Ví an Sbriúnleóir chô bruidiúil shin nár hug shé fé neara gearachaili ig an vineoig agus a srón buelti lesh a ngloini agus í a sluga baluihi na lachan ishdeàch trín a sróin agus trín a biàl. Iníon na bayintirí a ví aun; an iníon ba hini. Fiàchuint dá dug an Sbriúnlóir amách do chnuic shé an ghearachaili agus do louir shé lé go fearagach.

—Imig as sun nú basgfar hu, er shishan agus é er buili le ferig.

D’imig an ghearachaili agus sgâura erhi, ach do háini shí har n-aish irísh go dí täv eh den tig agus d’iàch shí ishdeàch an ineóg er a däv sun.

Do ví an lacha er a mórd agus an Sbriúnlóir á ihi er a hásdacht, ach ví an baluihi aun fós agus d’an an cailín ig an vineoig a fiàchuint ishdeàch er an nuini ishdìg agus a cuîneav er lachuin a máhar fén a ví imìhi uehi. D’eirig an fear loum ó’n mórd agus sar a roiv is ig an gailín cá roiv a hrial ví shé ’na heasav lena täv agus greim daingean ige er ghualuing erhi.

—A ghady vig, er shishan, cahirshi díol as so, nú díolhig do vâhir as.


III.

Do riug shé lesh í go tig na bayintirí agus í a gol go truevéleach. Háinig an vayintireach amàch agus duert an Sbriúnlóir lé gur ghoid a hiníon cuid den lachuin ueg.