Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

64

719Nac fuiris don loḃar so laḃairt ar ṁná
’S gan fuinneaṁ ’n-a ċom ná caḃair ’n-a ċnáṁa,
721Má d’imṫiġ an ṁoḋṁail ḃí trom ’n-a ġáḃa
’S gur deineaḋ an ḟoġail seo gaḃaimse a páirt.
723A ḃfuil sionnaċ ar sliaḃ ná iasc i dtráiġ,
Ná fiolar le fiaḋaċ ná fiaḋ le fán
725Ċom fada gan ċiall le bliaḋain ná lá
Do ċaiṫeaṁ gan biaḋ ’s a ḃfiaḋaċ le faġáil?
727An aiṫnid díḃ féin san tsaoġal so cá ḟuil
An t-ainṁiḋe claon ná an féiṫid fáin
729Do ṗiocfaḋ an ċré an fraoċ nó an ṗáil
Is fiorṫann ’n-a ṡlaoda ’s féar le faġáil?
731Aiṫris gan ṁoill, a ċlaḋaire ċráiḋte,
Freagair me, faġaimse feiḋm it ráiḋte:—
733Ca ḃfuil do ḋíṫ ag suiḋe ċum béile?
Ar caiṫeaḋ le mí aici a dtiġeas ’n-a féile!
735An luigide an ċúil nó an luġade an láiṫreaċ
Fiċe milliún má ṡiuḃail le ráiṫe ann?
737Mairg it ċeann a ṡeandaiġ ṫonnda,
An eagal leat ganntan am do ḋúla!
739An dóṫ a ġliogaire buile gur ḃaoġal duit
Ól na Sionainne tirim nó a taoscaḋ?
741Tráġaḋ na fairrge is tarraint an tsáile?
Is clár na mara do scaipeaḋ le scála?
743Breaṫain in am ar leaṁus do smaointe
Is ceangail do ċeann le banda timċeall!