Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
16
Bran.

Nuair ḃí sí ’nna coileán d’éiriġ imreas no tsoid éigin ameasg na g-con a ḃí ag an ḃFéin, agus

Trí fiċe cu agus fiċe coileán
Ṁarḃ Bran agus í ’nna coileán,
Dá ġé-fiaḋáin, agus an oireaḋ leó uile.

Sé Fionn féin a ṁarḃ Bran. Ċuaiḋ siad amaċ ag fiaḋaċ agus rínneaḋ eilit de ṁáṫair Ḟinn. Ḃí Bran dá tóruiġeaċt.

“Eilit ḃaoṫ fág air sliaḃ,”
ar Fionn.
“A ṁic óig,” ar sise, “Cá raċfaiḋ mé as?”

Má ṫéiḋim ann san ḃfairrge síos
Coiḋċe ni ḟillfinn air m’ais,
S má ṫéiḋim ann san aer suas
Ní ḃeurfaiḋ mo luaṫas air Ḃran.

“Gaḃ amaċ eidir mo ḋá ċois,” ar Fionn. Ċuaiḋ sise amaċ eidir a ḋá ċois, agus lean Bran í, agus air ngaḃail amaċ dí, d’ḟáisg Fionn a ḋá ġlúin uirri agus ṁarḃ sé í.

Ḃí inġean ag Bran. Cu duḃ a ḃí ann san g-coileán sin, agus ṫóg na Fianna í, agus duḃairt siad leis an mnaoi a ḃí taḃairt aire do’n ċoileán, bainne bó gan aon ḃall do ṫaḃairt do’n ċoileán, agus gaċ aon deór do ṫaḃairt dó, agus gan aon ḃraon ċongḃail uaiḋ. Ní ḋearnaiḋ an ḃean sin, aċt ċongḃuiġ cuid de’n ḃainne gan a ṫaḃairt uile do’n ċoileán. An ċeud lá do sgaoil na Fianna an cu óg amaċ ḃí gleann lán de ġéaḋaiḃ fiaḋáine agus d’ eunaċaiḃ eile, agus nuair sgaoileaḋ an cú duḃ ’nna measg, do ġaḃ sí iad uile aċt fíor-ḃeagán aca a ċuaiḋ amaċ air ḃearna a ḃí ann. Agus aċt gur ċong-