Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
10
An Táiliúr agus na tri ḃeiṫiġeaċ.

fuair se croicionn caoraċ agus d’ḟuaiġ sé suas é, go ndearnaiġ sé mála ḋé agus ḋeasuiġ sé ṡíos faoi na ċóta é. Táinig sé asteaċ ann sin, agus duḃairt sé leis an ḃfaṫaċ galún de’n anḃruiṫ ól i dtosaċ. D’ól an faṫaċ sin aníos as a ḟiuċaḋ.

“Deunfaiḋ mise sin,” ar san táiliúr. Ḃí sé air siúḃal gur ḋóirt sé asteaċ san g-croicionn é, agus ṡaoil an faṫaċ go raiḃ sé ólta aige. D’ól an faṫaċ galún eile ann sin, agus leig an táiliúr galún eile síos ’san g-croicionn, aċt ṡaoil an faṫaċ, go raiḃ sé ’gá ól. Déanfaiḋ mise rud anois naċ dtiucfaiḋ leat-sa ḋeunaṁ,” ar san táiliúr. “Ní ḋéanfá,” ar san faṫaċ, “creud é sin do ḋéanfá?”

“Poll do ḋeunaṁ, agus an t-anḃruiṫ do leigean amaċ arís,” ar san táiliúr. “Déan ṫu féin i dtosaċ é,” ar san faṫaċ. Ṫug an táiliúr “prad” de’n sgín, agus leig sé amaċ an t-anḃruiṫ as an g-croicionn. “Déan, ṫusa, sin,” ar sé leis an ḃfaṫaċ. “Déanfad,” ar san faṫaċ ag taḃairt prad de’n sgín ’nna ḃuilg féin gur ṁarḃ sé é féin. Sin é an ċaoi a ṁarḃ sé an tríoṁaḋ faṫaċ.

Ċuaiḋ sé do’n ríġ ann sin, agus duḃairt sé leis, an ḃean agus a ċuid airgid do ċur amaċ ċuige, agus go leagfaḋ se an ċúirt muna ḃfáġaḋ sé an ḃean. Bí faitċios orra ann sin go leagfaḋ sé an ċúirt arís, agus cuir siad an ḃean amaċ ċuige.

Nuair ḃí sé lá imṫiġṫe, é féin agus a ḃean, ġlac siad aiṫreaċas agus lean siad é, go mbainfeaḋ siad an ḃean dé arís. Bí an ṁuinntir do ḃí ’nna ḋiaiġ ’gá leanaṁaint no go dtáinig siad suas do’n áit a raiḃ an madr’-alla. agus duḃairt an madr’-alla leó. “Ḃí an táiliúr agus a ḃean ann so andé, ċonnairc mise iad ag dul ṫart, agus má sgaoileann siḃ mise anois tá mé níos luaiṫe ’ná siḃ-se, agus leanfaiḋ mé iad go mbéarfaiḋ mé orra.”