Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AN TAILIUR AGUS NA TRI ḂEIṪIGEAĊ.


Ḃí táiliúr aon uair aṁáin i nGailliṁ, agus ḃí sé ag fuaiġeál eudaiġ. Ċonnairc se dreancuid ag éiriġe amaċ as an eudaċ agus ċaiṫ se an tsnáṫad léiṫe agus ṁarḃ sé an dreancuid. Duḃairt se ann sin “Naċ breáġ an gaisgiḋeaċ mise nuair a ḃí mé abalta air an dreancuid sin do ṁarḃaḋ!”

Duḃairt sé ann sin go gcaiṫfeaḋ sé dul go B’l’acliaṫ go cúirt an ríġ, go ḃfeicfeaḋ sé an dtiucfaḋ leis a deunaṁ. Ḃí an ċúirt sin ’gá ḋeunaṁ le fada, aċt an méad dí do gníṫiḋe ann san lá do leagaiḋe ann san oiḋċe é, agus níor ḟeud duine air biṫ a ċur suas mar ġeall air sin. ’S iad tri ḟáṫaċ a ṫigeaḋ ’san oiḋċe a ḃideaḋ ’gá leagaḋ. D’imṫiġ an táiliúr an lá air na ṁáraċ agus do ṫug se leis an uirlis, an spád agus an tsluasad.

Níor ḃfada ċuaiḋ sé gur casaḋ capall bán dó, agus ċuir se forán air. “Go mbeannuiġ Dia ḋuit,” ar san capall, “cá ḃfuil tu dul?” “Tá mé dul go B’l’acliaṫ,” ar san táiliúr, “le deunaṁ cúirte an ríġ, go ḃfáġ mé bean-uasal, má ṫig liom a deunaṁ,” mar do ġeall an ríġ go dtiúḃfaḋ sé a inġean féin agus a lán airgid léiṫe don té sin a ṫiucfaḋ leis an ċúirt sin do ċur suas. “An ndeunfá poll dam?” ar san sean-ġearrán bán, “raċainn i ḃfolaċ ann nuair atá na daoine mo ṫaḃairt ċum an ṁuilinn agus ċum an aṫa i rioċt naċ ḃfeidfiḋ siad mé, óir tá mé cráiḋte aca, ag deunaṁ oibre ḋóiḃ.”