Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/126

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
64
An Alp-luaċra.

uile dó. “’Nois an dtig le d’onóir aon ḟóiriġín ṫaḃairt dam?” ar sé, nuair ċríoċnuiġ sé a sgéul.

“Tá súil agam go dtig liom,” ar san Prionnsa, “air ṁóḋ air biṫ déanfaiḋ mé mo ḋíṫċioll air do ṡon, mar ṫáinig tu ċoṁ fada sin le m’ḟeicsint-se. B’olc an ceart dam gan mo ḋíṫċioll ḋeunaṁ. Tar suas annsa bpárlúis. Is fíor an rud a duḃairt an sean duine atá ann sin leat. Shluig tu alp-luaċra, no rud éigin eile. Tar suas ’sa’ bpárlúis liom.”

Ṫug sé suas leis é, agus is é an béile a ḃí aige an lá sin giota mór de ṁairtḟeóil ṡaillte. Ghearr sé greim mór agus ċuir sé air ṗláta é, agus ṫug sé do’n duine boċt le n-íṫe é.

“Óró! Créad atá d’ onóir ag déanaṁ ann sin anois,” ars an duine boċt, “níor ṡluig mé oiread agus toirt uiḃe d’ḟeóil air biṫ le ráiṫċe, ni’l aon ġoile agam, ní ṫig liom dadaṁ iṫe.”

“Bí do ṫost a ḋuine,” ars an Prionnsa, “iṫ é sin nuair a deirim leat é.”

D’iṫ an fear boċt an oiread agus d’ḟeud sé, aċt nuair leig sé an sgian agus an ġaḃlóg as a láiṁ ċuir an Prionnsa iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air iad do ṫógḃáil arís, agus do ṫosuġaḋ as an nuaḋ. Ċongḃuiġ sé ann sin é ag iṫe, go raiḃ sé réiḋ le pleusgaḋ, agus níor ḟeud sé faoi ḋeire aon ġreim eile ṡlugaḋ dá ḃfáġaḋ se ceud púnta.

Nuair ċonnairc an Prionnsa naċ dtiucfaḋ leis tuilleaḋ do ṡlugaḋ, ṫug sé amaċ as an teaċ é, agus duḃairt sé leis an inġin agus leis an t-sean-déirceaċ iad do leanaṁaint, agus rug sé an fear leis, amaċ go móinḟéur breáġ glas do ḃí os coinne an tiġe, agus sróṫán beag uisge ag riṫ tríd an móinḟeur.

Ṫug sé go bruaċ an t-sroṫáin é, agus duḃairt sé leis, luiḋe síos air a ḃolg agus a ċeann ċongḃáil os cionn